Jump to content

Abraham Ortelius

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAbraham Ortelius

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith14 Aibreán 1527
Antuairp Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Meitheamh 1598
71 bliana d'aois
Antuairp Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Réimse oibreCartagrafaíocht agus tíreolaíocht
Suíomh oibre Antuairp Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmcartagrafaí, seandálaí, afsetter (en) Aistrigh, foilsitheoir, tíreolaí, staraí, greanadóir, map drawer (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraLéarscáil
TeangachaAn Laidin
Saothar
Saothar suntasach
Síniú
Typus Orbis Terrarum, ceann de na léarscáileanna is luaithe de chuid Ortelius

Cairtghrafaí a rugadh in Antuairp na hOllainne ab ea Abraham Ortelius (freisin Ortels, OrthelliusWortels; 4 nó 14 Aibreán 152728 Meitheamh 1598). D'fhoilsigh sé an chéad atlas nua-aimseartha, Teatrum Orbis Terrarum (Amharclann an Domhain), sa bhliain 1570. Mar aon le Gemma Frisius agus Gerardus Mercator, meastar go ginearálta go bhfuil Ortelius ar dhuine de bhunaitheoirí scoil Ísiltírise na cartagrafaíochta agus na tíreolaíochta. Ba dhuine suntasach den scoil seo é ina ré órga (thart ar 1570í -1670í) agus ba thíreolaí tábhachtach de chuid na Spáinne é le linn aois na fionnachtana. Thiomnaigh Ortelius an t-atlas do rí na Spáinne, a rinne cartagrafaí ríoga de mar chúiteamh. San oifig sin bhí teacht ag Ortelius ar a lán eolais ó thaiscéalaithe Spáinneacha sna cartlanna ríoga sa tír sin.[1] Ba é an chéad duine a mhol go raibh na Ba é an chéad duine a mhol go raibh na hilchríocha le chéile, sular shruthaigh siad go dtí a suíomhanna reatha. [2]

Ba as Augsburg ó dhúchas do theaghlach Ortels nó Wortels (Orthéllius agus Ortéllius a thugtaí orthu sa Laidin), Cathair Impiriúil Shaor den Impireacht Naofa Rómhánach . Cógaiseoir ab ea seanathair Abraham, Willem Ortels. Sa bhliain 1460, bhog sé go hAntuairp, áit ar phós sé Mathilde's Jagers, ailias Reynaerts. Bhí cúigear clainne acu: Imbert a fuair cógaslann a athar le hoidhreacht, Anna, Odille (nó Ottilia as Odilia), a phós Nicolaes van der Voorden, ceannaí sa Bhruiséil, agus, sa dara pósadh aici, Jacobus van Meteren as Breda, a bhí ina Phrotastúnach agus a rinne maoirseacht ar phriontáil leaganacha Béarla den bhíobla i Sasana, Leonard (a rugadh sa bhliain 1500 agus athair Abraham Ortelius) agus Josef. Óna dhara pósadh le Maria Antheard, rugadh mac darbh ainm Willem. Bhí cónaí ar an teaghlach sa tsráid Kipdorp in Antuairp agus bhí siad siad réasúnta saibhir. Phós Leonard Ortelius Anna Herwayers agus bhí triúr clainne acu, Abraham, Anna a d'fhanfadh i dteannta a dearthár agus Elisabeth a phós trádálaí darbh ainm Jacob Cool Sinsear, agus ba é a mhac Jacob Cool Óg (ar a dtugtar Ortelianus) príomhoidhre ar Abraham Ortelius.[3]

Foilsitheoir léarscáileanna

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1564, d'fhoilsigh sé a chéad léarscáil, Typus Orbis Terrarum, léarscáil bhalla le ocht-leathanach den domhan, ar a raibh an Regio Patalis le Locach aitheanta aige mar shíneadh ó thuaidh den Terra Australis, ag síneadh chomh fada leis an Nua-Ghuine.[4][5] Bhí an léarscáil seo le feiceáil ina dhiaidh sin i bhfoirm laghdaithe sa Theatrum Orbis Terrarum (tá an t-aon chóip atá ar marthain anois ag Leabharlann Ollscoile Basel).[6] D'fhoilsigh sé léarscáil dhá-leathanach den Éigipt i 1565, plean de chaisleán Brittenburg ar chósta na hÍsiltíre sa bhliain 1568, léarscáil ocht-leathanach den Áise sa bhliain 1567, agus léarscáil sé-leathanach den Spáinn sular foilsíodh a atlas.[7]


I Sasana, bhí teagmhálacha ag Ortelius le William Camden, Richard Hakluyt, Thomas Penny, an conspóidí Puritánach William Charke, agus Humphrey Llwyd, a chuirfeadh léarscáil Shasana agus na Breataine Bige le heagrán Ortelius den Theatrum sa bhliain 1573.[4]

Sa bhliain 1578, leag sé an bhunchloch le haghaidh scrúdú criticiúil ar an tseantíreolaíocht ina shaothar Synonymia geographica (a d’eisigh Plantin Press in Antwerp [7] agus a athfhoilsithe i bhfoirm leathnaithe mar Thesaurus geographicus sa bhliain 1587, agus a leathnaíodh arís sa bhliain 1596; san eagrán deireanach, breathnaíonn Ortelius ar an bhféidearthacht go bhféadfadh na hilchríocha bheith ag gluaiseacht, hipitéis nach gcruthófaí a bheith ceart go ceann na gcéadta bliain ina dhiaidh sin).

Sa bhliain 1578, leag sé an bhunchloch le haghaidh scrúdú criticiúil ar an tseantíreolaíocht le foilsiú a Synonymia geographica, a cuireadh i gcló ag an Plantin Press ag Antuairp [4] agus a athfhoilsíodh i bhfoirm leathnaithe mar Thesaurus geographicus sa bhliain 1587 agus a leathnaíodh arís sa bhliain 1596; san eagrán deireanach, measann Ortelius an fhéidearthacht go mbeadh síobghluaiseacht ilchríochach ann, hipitéis nach gcruthófaí ach na céadta bliain ina dhiaidh sin).

Sa bhliain 1596, fuair sé bronntanas ó Antuairp, cosúil leis an gceann a bronnadh ina dhiaidh sin ar Peter Paul Rubens. Bhí a bhás ar an 28 Meitheamh 1598 agus a adhlacadh i séipéal Mainistir Naomh Mícheál, Antuairp, marcáilte le caoineadh poiblí.[7] Seo a leanas an inscríbhinn ar a leac uaighe: Quietis cultor sine lite, uxore, prole ("bhí sé ina dhuine ciúin, gan chonspóid, gan bhean, gan chlann"). [8]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]


  1. Hussey, Matt (2011). "Abraham Ortels Ortelius". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 500.
  2. Romm, James (February 3, 1994). "A New Forerunner for Continental Drift". Nature 367 (6462): 407–408. doi:10.1038/367407a0. Bibcode: 1994Natur.367..407R.
  3. Wouter Dirk Verduyn, Emanuel van Meteren, The Hague, Martinus Nijhoff, 1926, pp. 4–5
  4. 1 2 Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named ODNB
  5. Peter Barber, "Ortelius' great world map", National Library of Australia, Mapping our World: Terra Incognita to Australia, Canberra, National Library of Australia, 2013, p.95.
  6. cf. Bernoulli, Ein Karteninkunabelnband, Basle, 1905, p. 5. NOVA TOTIUS TERRARUM ORBIS IUXTA NEOTERICORUM TRADITIONES DESCRIPTIO and
  7. 1 2 3  Ionchorpraíonn ceann amháin nó níos mó de na habairtí roimhe seo téacs ó fhoilseachán atá san fhearann poiblí anois : Beazley, Charles Raymond (1911). "Ortelius, Abraham". In Chisholm, Hugh (ed.). Encyclopædia Britannica (as Béarla). Vol. 20 (11th ed.). Cambridge University Press. pp. 331–332.
  8. Teimpléad:Catholic Encyclopedia