Tom Sailí Ó Flaithearta
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1931 An Cheathrú Rua, Éire |
Bás | 15 Aibreán 2021 89/90 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aisteoir, aisteoir teilifíse |
Aisteoir Éireannach ab ea Tom Sailí Ó Flaithearta (1931 – 15 Aibreán 2021).
Rinne Ó Flaithearta páirt Cóilín Ó Catháin ar an sobaldráma Gaeilge, Ros na Rún. Ba as an gCeathrú Rua ó dhúchas é, agus thosaigh sé ag aisteoireacht sna 1960idí. Bhí páirt aige sa scannán Poitín i 1978, mar Marcus.[1]
I measc na rólanna eile a bhí aige, bhí páirt aige sa ghearrscannán Conneely’s Choice a tháinig amach i 1992, agus rinne sé páirt Seáinín Liam sa scannán Cré na Cille in 2007.
Baineadh úsáid as a ghuth sna taifeadtaí de sheacht n-amhrán do pháistí ar an dlúthdhiosca a théann leis an leabhar Gugalaí Gug.
Sna 1950idí, bhunaigh sé Aisteoirí Loch Conaortha, agus sna 1960idí, ghlac sé páirt sa tsraith Labhair Gaeilge Linn ar RTÉ.[2]
Is ball eile d'fhoireann Ros na Rún í a neacht, Fionnuala Ní Fhlatharta.
Fuair sé bás ar 15 Aibreán 2021.[3]
Tagairtí
- ↑ Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9.
- ↑ "Aistritheoirí Synge". Dáta rochtana: 2024-01-20.
- ↑ “Death Notice of Tom Sailí Ó Flaithearta” (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2021-04-18.