Uí Cheallaigh
Tá trí chlann ann in Éirinn darb ainm Uí Cheallaigh. Is í clann Uí Cheallaigh Uí Maine an ceann is suntasaí. Tá clann eile i mBreá, de shliocht Uí Néill. Tá clann shóisearach eile ann, Uí Cheallaigh Chualann, de shliocht Uí Mháil, ainmnithe as a n-áit dúchais.
Uí Cheallaigh Uí Mhaine
Ceallach mac Fíonachta, a mhair sa 9ú haois, is ea sinsear Uí Cheallaigh Uí Mhaine. Ba é Tadhg Mór Ó Ceallaigh an chéad duine a ghlac an sloinne,[1] a maraíodh i gCath Chluain Tarbh ag tríd ar son a chomhghuaillí, Brian Bóramha, rí na Mumhan agus Ardrí na hÉireann.
Feictear luathghinealach Uí Cheallaigh i Leabhar Uí Mhaine, scríofa sa 14ú haois, faoi ord ardeaspag Thuama, Muircheartach mac Pilib Ó Ceallaigh, spreagtha ag Liam Ó Ceallaigh, taoiseach Uí Mhaine. Caomhnaítear an leabhar i nAcadamh Ríoga na hÉireann i mBaile Átha Cliath.
Seo a leanas chur síos ar armas Uí Cheallaigh Uí Mhaine:
- "gormghlas, túr trí-chorónach, tacaithe ag dhá leon airgid ina gcolgsheasamh, agus slabhraí ag teacht anuas óna táibhlí idir chosa óir na leon[1]
Is é an mana ná:
- "Turris fortis mihi Deus".[2]
- Túr láidir is ea Dia dom
Uí Cheallaigh Bhreá
Ceallach mac Congalaigh mhic Conaing use sinsear chlann Uí Cheallaigh, Brega. Ar cheann de Cheithre Chlann na Teamhrach is ea iad, a mheastar.[3]
Uí Cheallaigh Chuala
Ceallach Cualann mac Gerthidi is ea sinsear chlann Uí Cheallaigh Chualann,[4] rí Uí Mháil na Laighean ag deireadh na 7ú haoise.
Caisleán Uí Cheallaigh
- Caisleán an Gharbhaile
- Caisleán Mhuine Mheá
- Caisleán Ghallaigh
- Caisleán Gháile
- Caisleán Moyvannan
- Mainistir Naomh Mhuire, Damhliag (réamhNormannach?)
- Mainistir Chill Chonaill
- Prióireacht Eachroma
- Prióireacht Chluain Tuaiscirt
- Achadh Raithin (Caisleán Uí Cheallaigh anois)
Féach freisin
- Uí Mhaine, ríocht Uí Cheallaigh
- Ceallach mac Fíonachta, sinsear eapainmneach Uí Cheallaigh Uí Mhaine
- Ríthe Uí Mhaine, i gceannas Uí Cheallaigh ón 11ú haois ar aghaidh
- Ceallach Cualann mac Gerthidi, sinsear eapainmneach Uí Cheallaigh Chualann
Tagairtí
- ↑ 1.0 1.1 "O'Kelly (No.1) family genealogy - Irish Pedigrees". Dáta rochtana: 28ú Meán Fómhair 2021.
- ↑ "A Little O'Kelley History". Dáta rochtana: 28ú Meán Fómhair 2021.
- ↑ "O'Kelly (No.5) family genealogy - Irish Pedigrees". Library Ireland. Dáta rochtana: 28ú Meán Fómhair 2021.
- ↑ "Ireland's History in Maps - Leinster, Laigin - The Tribes of Ireland". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-03-23. Dáta rochtana: 28ú Meán Fómhair 2021.