Rhodri Mawr
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | c. 820 (Féilire Ghréagóra) Oileán Mhanann |
Bás | 878 57/58 bliana d'aois Inis Món |
Tiarnas Gwynedd | |
Ríocht Powys | |
Ríocht Ceredigion | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Chríostaíocht |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc, gaiscíoch |
Teangacha | An Bhreatnais |
Teaghlach | |
Teaghlach | Teaghlach Gwynedd |
Céile | Angharad ferch Meurig |
Páiste | Anarawd ap Rhodri, Merfyn ap Rhodri, Cadell ap Rhodri, Tudwal an Bacach |
Athair | Merfyn Frych agus Nest ferch Cadell |
B'é Rhodri Mawr (nó Rhodri ap Merfyn) an chéad rialtóir sa Bhreatain Bheag a bhain an gradam 'Mawr' ( is ionann 'Mawr' agus 'Mór' i nGaeilge na hÉireann) amach dó féin, agus an chéad a bhain forlámhas amach ar an Bhreatain Bheag, beagnach ina iomláine. Tugtar 'Rí na mBreatnach' air in Annála Uladh. Níos déanaí ar aghaidh, ghlaoigh staraithe éagsúla 'Rí na Breataine Bige' air, cé nach raibh sé riamh in ann an Bhreatain Bheag uile a smachtú agus níor thug daoine comhaimseartha leis an teideal seo dó.
Ginealach agus oidhreacht
Mac Mherfyn Frych, Rí Gwynedd agus Nest ferch Cadell ó ríshliocht Powys ab ea é, agus fuair sé Ríocht Gwynedd ó oidhreacht tar éis dá athair bás a fháil sa bhliain 844.
Nuair a bhásaigh a uncail, deartháir a mháthar, Cyngen ap Cadell rialtóir Powys, ar oilithreacht go dtí an Róimhe sa bhliain 855, fuair sé Powys le hoidhreacht freisin. Sa bhliain 872, tré thaisme, bádh Gwgon, rialtóir Seisyllwg i ndeisceart na Breataine Bige, chuir Rhodri Ríocht Seisyll leis a fhearainn de bhua a pósadh le Angharad, deirfiúr Gwgon. Seo déanta b'é Rhodri an rialtóir is mó sa Bhreatain Bheag.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |