Péacóg
Cuma
Pavo | |
---|---|
péacóg Indiach | |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Aves |
Ord | Galliformes |
Fine | Phasianidae |
Fofhine | Pavoninae |
Géineas | Pavo Linnaeus, 1758 |
- Baineann an t-alt seo leis an éan; féach freisin Péacóg (idirdhealú).
Dhá speiceas piasúin, iad araon ó fhoraoisí na hIndia is oirdheisceart na hÁise, an phéacóg Indiach níos suntasaí ná an ceann eile. Tá cineál eile ó iarthar na hAfraice a dtugtar an t-ainm céanna air. Tugtar an coileach péacóige ar an bhfireannach, cearc phéacóige ar an mbaineannach. Cáil ar an gcoileach péacóige as a scrofall lonrach (suas le 1.5 m ar fhad) ina mbíonn súil, ciorcal gealdaite, ar fhoirceann gach cleite. Taispeánann sé an t-eireaball trí é a oscailt is a ardú os a chionn. Bíonn na fireannaigh gormghlas nó glas/cré-umha, na baineannaigh glas nó donn gan scrofall. Bíonn na héin seo cantalach.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Péacóg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 509.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |