Aerghrianghrafadóireacht
Cuma
Is é atá i gceist le haerghrianghrafadóireacht ná grianghrafadóireacht dhromchla an Domhain ó bhalún nó aerárthach, le feidhmeanna san éiceolaíocht, an gheolaíocht, an tseandálaíocht, agus an taiscéalaíocht mhíleata in aimsir cogaidh. In aerchairteoireacht suirbhéireachta, éitlíonn an t-eitleán ag airde thairiseach faoi luas tairiseach ar feadh línte comhthreomhara, ag tógáil pictiúr ag achair rialta. Nuair a réalaítear na grianghrafanna, is féidir iad a léiriú taobh le chéile ina n-ollphictiúr mósáice den tírdhreach. Is féidir imlínte na talún agus airdí foirgneamh a dhéanamh amach trí léirithe steiréascópacha de na híomhánna.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Aerghrianghrafadóireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 12.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |