Feradach Finnfechtnach
Ardrí na hÉireann | |
---|---|
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Páiste | Fíachu Finnolach |
Athair | Crimthann Nia Náir |
I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Fearadhach Fionnfeachtnach (Sean-Ghaeilge Feradach Finnfechtnach) mac Crimthann Nia Náir.
Níl na foinsí ar chomh intinn faoi sraith chomharbas na n-Ard-Ríthe, agus áit Fhearadhacha ann. De réir Leabhar Gabhála na hÉireann[1] agus Annála na gCeithre Máistrí[2] tháinig sé i gcoróin tar éis bás Cairbre Cinnchait. Sna hannála, deirtear go raibh a máthair Baine torrach leis nuair a chuir Cairbre a athair as cumhacht, ach más fíor bheadh sé nós lú ná a cúig bliana d'aois ag teacht i gcoróin. Is amhlaidh gur ath-insint é seo de scéal faoi Ard-Rí níos deireanaí, Túathal Techtmar.[3] Deir na hAnnála freisin gur thorthúil í Éire i rith a réimis, i gcodarsnacht leis réimeas gortach an fhorghabhálaí, Cairbre. Deir Seathrún Céitinn[4] gur tháinig Fearadhach i gcomharbacht ar a athair, Crimthann, agus réim Cairbre ina dhiaidh.
Insíonn Céitinn gur mhair an breitheamh Morann mac Máin le linn réimeas Fhearadhaigh (i Leabhar Gabhála agus na hAnnála, ba mac Cairbre agus a bhean chéile Mani é). Bhí torc draíochta le Morann, darbh ainm id[5][6] Morainn, a theannadh thar muineál breithiúna a tugfadh míbhreith go dtí go dtógfadh cóirbhreith, nó finné a thóg bréagfhianaise go dtí go n-inseodh an fhírinne.
Bhí Fearadhach i réim ar feadh fiche bliain de réir an Leabhar Gabhála agus Foras Feasa, dhá bhianna is fiche de réir na n-Annáil, sula bhfuair sé bás le hadhairt ag Liathdroim (aon ársa ar Theamhair.[7][8] I ngach foinse, tháinig Fíatach Finn i gcomharbacht air.
Achar ama
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Leabhar Gabhála na hÉireann: Impire na Róimhe Domitian (AD 81–96) agus bás an phápa Clement I (AD 99).
- Foras Feasa ar Éirinn: AD 5–25
- Annála na gCeithre Máistrí: AD 14–36.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Céitinn, Seathrún (1908). "The History Of Ireland" Iml. III. The Irish Texts Society.
- "The Annals of Ireland, translated from the original Irish of the four masters" (1846). Baile Átha Cliath: B Geraghty, s. Anglesea street.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 305
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, M14-36
- ↑ T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1946, ll. 159-161
- ↑ Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, 1.38
- ↑ 1 id (c) ar eDIL
- ↑ idhe ar teanglann.ie FGB
- ↑ Keating 1908, pp. 237.
- ↑ Connellan 1846, pp. 246, notes.
Réamhtheachtaí LGÉ/ACM Cairbre Cinnchait FFÉ Crimthann Nia Náir |
Ard Rí na hÉireann LGÉ 1d aois AD FFÉ AD 5–25 ACM AD 14–36 |
Comharba Fíatach Finn |