Jump to content

Melvil Dewey

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leagan ó 15:57, 24 Meitheamh 2022 le HusseyBot (plé | dréachtaí)
(diff) ← An leasú roimhe seo | Leagan reatha (diff) | An chéad leasú eile → (diff)
Infotaula de personaMelvil Dewey

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Melville Louis Kossuth Dewey Cuir in eagar ar Wikidata
10 Nollaig 1851
Adams Center, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Nollaig 1931
80 bliana d'aois
Lake Placid, Florida Cuir in eagar ar Wikidata
Uachtarán ar Chumann Leabharlainne Mheiriceá
1892 – 1893
Uachtarán ar Chumann Leabharlainne Mheiriceá
1890 – Iúil 1891 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Chríostaíocht
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Amherst
Ollscoil Alfred Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBostún
Gníomhaíocht
Réimse oibreLeabharlannaí
Gairmleabharlannaí, eolaí, iriseoir, múinteoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Columbia Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileAnnie Dewey (1878–1922) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteGodfrey Dewey Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJoel Dewey  agus Eliza Dewey
Gradam a fuarthas
Síniú


Find a Grave: 13079 Project Gutenberg: 4402 Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh Melville Louis Kossuth (Melvil) Dewey in Adams Center, Jefferson County, Nua-Eabhrac. D'fhreastail sé ar Amherst College, áit a raibh sé ina bhall de Delta Capa Eipsealón (craobh Sigme). Bhain sé bunchéim amach sa bhliain 1874 agus fuair sé a mháistreacht ó Amherst sa bhliain 1877.

Bhí Dewey ina leabharlannaí cúnta ag Amherst ó 1874 go dtí 1876. Sa bhliain 1876, d'fhág sé Amherst agus ar aghaidh leis go Bostún. Sa tréimhse 1883-1888 ba phríomhleabharlannaí é ag Ollscoil Columbia, agus ó 1888-1906 bhí sé ina stiúrthóir ar Leabharlann Stáit Nua-Eabhrac (New York State Library).

Sa bhliain 1895, bhunaigh Dewey agus a bhean Annie an Lake Placid Club ag Lake Placid i dtuaisceart stát Nua-Eabhrac. Bhí sé féin agus a mhac Godfrey gníomhach i socrú Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh, agus bhí sé ina chathaoirleach ar Choiste Oilimpeach an Gheimhridh Stáit Nua-Eabhrac. Sa bhliain 1926, chuaigh sé go Florida agus bhunaigh sé craobh an deiscirt den Lake Placid Club ansin. Fuair sé bás ag Lake Placid, Florida.[1]

Bhí Dewey ina bhall de 'Halla na Laochra' de chuid Chumann Leabharlann Mheiriceá (American Library Association).