Úsáideoir:Leo de Venci/Clár Dubh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An Bantiarna Máire Heath.[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eitleoir Éireannach ab ea Máire, Lady Heath (17 Samhain 1896 – 9 Bealtaine 1939) agus thosaigh sí ar an saol mar Sophie Catherine Theresa Mary Peirce-Evans i gCnoc an Doire, Contae Luimnigh, gar do bhaile an Chaisleáin Nua Thiar. Bhí sí an chéad duine, a eitilt aonair ar fud na hAfraice ón Afraic Theas go Londain, turas a rinne sí i cró oscailte faoin aer.

Mary, Lady Heath, 1928.
Máire, Lady Heath, 1928.

Saol óg[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí saol dúshlánach ag Sophie. Nuair a bhí sí óg tharla eachtra uafásach inár mharaigh a hathair a mhathair. Tháinig na póilíní chun teacht ar Sophie agus í óg ina suí in aice le corp a máthar. Ansin tar éis an trial, cuireadh a hathair in ospidéal meabhairghalair.[1]

Pósadh agus Teaghlach[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí na Samhna 1916 phós sí William Eliott-Lynn, oifigeach airm daichead bliain d'aois. I mí Iúil 1921 le comhlach sa talmhaíocht. Bhunaigh sí í féin i Londain agus bhí a fear céile ag feirmeoireacht ag Pangani i gcríoch Tanganyika in oirthear na hAfraice. Cé gur thug sí cuairt air i 1922, agus arís i 1923, sa deiridh bhí colscaradh acu.[2]

Gairme[cuir in eagar | athraigh foinse]

Peirce-Evans, 1924
Peirce-Evans, mar a léirítear i bpictiúr le John Lavery dar teideal An Irish Airwoman 1924

Lúthchleasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sula raibh sí ina píolóta bhí marc déanta cheana féin ag Lady Heath. Le linn an Chéad Chogadh Domhanda, chaith sí dhá bhliain mar mharcach seolta, lonnaithe i Sasana agus níos déanaí sa Fhrainc, áit a raibh a portráid péinteáilte ag Sir John Lavery. D'éirigh thar barr leí i roinnt imeachtaí, go háirithe an léim ard agus caitheamh javelin dhá láimh na Gréige. Ag an gcéad Chraobhchomórtas Lúthchleasaíochta na mBan i Sasana, a tionóladh i mí Lúnasa 1923 Bromley, bhí sí ina seaimpín javelin dhá láimh Shasana.[3]

Bhí sí ina ball de rannóg na mban de Kensington AC, ceann de na chéad chlubanna lúthchleasaíochta a ghlac le mná a bheith ina mbaill. Bhí sí ar dhuine de bheirt bhan a roghnaigh fir chun forbairt spórt na mban a spreagadh. Chabhraigh sí le tús a chur le Cumann Amaitéarach Athletic na mBan i 1922.[4] D'obair sí mar runaí agus cisteoir.

I ndeireadh na 1920idí, ceapadh í ina huachtarán ar Chumann Idirnáisiúnta Aerloingseoireachta na mBan

Gairm eitlíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceap Heath go mbeadh sé 3 seachtain, bhí sé 3 mhí! I rith an turas mhothaigh sí comharthaí de béim gréine. Cé gur thog sí a fó-éadaí aistí agus ar a gualainne le haghaidh cosaint, thosaigh na siomptaim ag éirí níos measa. Bhí sí ag dul tríd stadanna de coinsias agus bhí uirthí an eitleán a landáil. Ag staid amháin tuairiscíodh go raibh sí marbh.[5] Mhuscail sí cúpla uair tar éis chuig triur cailiní dúchasacha. Chuidigh said leí le bia agus thug said didean dí.

Sa deireidh mair Heath trí ní amhain béim gréine ach fiabhras réamatach, teocht de 48.88C° & fhearthainn an-trom uilig I cró oscailte. Bhí turas contúirteach aicí. Scaoilleadh uirthí ar cósta thoir na hAfraice, phléasc a seceaid tarrthála agus í 7,000 dtrothe thar an farraige. Ní amhain sin ach bhí eagla uirthí den uisce.[6]

Idirdhealú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí gnéasaíochas mar bac eile dí. Sa ré órga seo na heitlíochta ceannródaíocha, bhí cead ag mná eitilt dóibh féin ach cuireadh cosc orthu paisinéirí a iompar nó, forbid heaven, ag saothrú maireachtála óna spórt. Dar leis an gCoimisiún Idirnáisiúnta um Eitlíocht, bhí timthriallta míosta na mban faoi mhíchumas a d'fhág nach raibh siad in ann feidhmiú mar phíolótaí tráchtála.[7]

Fosta nuair a phós sí don triú uair chuig marcach trionóide d’arbh ainm Jack Williams, buaileadh í le an-chuid ciníochas.

Torthaí fad-téarma agus bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Heath mar ceann de na pílota is cailúla. (1930)

Bhí lorg fágtha ag an turas go fisiceach agus go síceolaíochta. Bhí uirthí platá miotail a fháil isteach ina bpleasc. Tar éis sin, ní raibh sí mar in gcéanna. Bhí iompar guagach le féiceail agus thosaigh fadhb ól intí fosta. Tháinig chlis ar a bpósadh le Sir James Heath agus tar éis an colscaradh, phós sí Jack Williams.

Sa deireidh tar éis troid fada le andúil san alcól fuair sí bás tar éis a thit sí síos na staighre bus dhá urlár.[8]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Herstory: Lady Mary Heath" (as en) (2019-09-02). 
  2. "Heath, (Sophie) Mary (‘Lady Heath’) (née Peirce-Evans; other married name Eliott-Lynn) | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2023-12-08.
  3. Pirkko Markula (2005-08-18). "Feminist Sport Studies: Sharing Experiences Of Joy And Pain" (as en): Leathanaigh:178 agus 179. SUNY Press. 
  4. Pirkko Markula (2005-08-18). "Feminist Sport Studies: Sharing Experiences Of Joy And Pain" (as en): Leathanaigh 181 agus 182. SUNY Press. 
  5. "Herstory: Lady Mary Heath" (as en) (2019-09-02). 
  6. Debbie Blake (2015-08-03). "Daughters of Ireland: Pioneering Irish Women" (as en). History Press. 
  7. "Lady Mary Heath - Herstory Ireland's Epic Women | EPIC Museum" (en). blog.epicchq.com. Dáta rochtana: 2023-11-14.
  8. "The Brooklyn Daily Eagle 09 May 1939, page Page 1" (en). Newspapers.com. Dáta rochtana: 2023-12-08.