Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é an 1 Eanáir an 1ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tugtar Lá Caille nó Lá Nollag Beag air.
1766 – Cailleadh Séamus Proinsias Éadbhard Stiúbhart, "Séamus III" de réir na Seacaibíteach (r. 1688)
1901 – Ceiliúradh céad bliain Acht an Aontais. Stop na húdaráis cruinniú de chuid an Irish League i mBéal Éasa i gContae Mhaigh Eo
1928 – Rugadh Iain Mac a' Ghobhainn, scríbhneoir (b. 1998)
1926 – Thosaigh seirbhís Raidió na hÉireann ar an lá seo. Chuir Dubhghlas de hÍde tús léi go poiblí
1945 – Bunaíodh Córas Iompair Éireann, agus chuaigh A.P. Reynolds i gceannas air
1957 – D'ionsaigh an tIRA beairic de chuid Chonstáblacht Ríoga Uladh in Achadh Lon, agus fuair Seán Sabhat agus Feargal Ó hAnluain bás sa teagmháil
1982 – Rugadh Joe Gamble, imreoir sacair Éireannach
2002 – Tháinig an t-euro in áit an phunt mar airgeadra in Éirinn
2009 – Cailleadh Helen Suzman, polaiteoir de chuid na hAfraice Theas (r. 1917)