Niohóiniam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Únúintriam)
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachNiohóiniam
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha
Niohóiniam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachNh agus Uut
Uimhir adamhach113
Peiriad, Grúpapeiread 7
Dúil Ghrúpa 13
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Fiuchphointe1,130
Stair
AimsitheoirJoint Institute for Nuclear Research (en) Aistrigh
Fionnachtain2006
Eapainman tSeapáin

Is é an niohóiniam dúil cheimiceach uimhir a 113, agus cosúil leis na dúile troma trasúránacha eile is dúil shaorga shintéiseach é a dtagann meath radaighníomhach uirthi go tiubh teirimeach. Mar sin, ní féidir mórán a fháil amach faoina shaintréithe ceimiceacha. Tá ainm an niohóiniam bunaithe ar ainm dúchasach na Seapáine, Nihon - is é seo an leagan gnáthchainte de Nippon i Seapáinis an lae inniu. Roimhe seo rinneadh iarracht le niopóiniam a bhaisteadh ar an miotal a dtugtar réiniam air inniu, ach ní raibh Cumann Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí barúlach gur éirigh leis na heolaithe Seapánacha an dúil sin a chéadaithint i ndáiríre.

Ba iad na heolaithe Seapánacha in Institiúid Riken i gcathair Wakō a d'aithin an chéad adamh niohóiniam, agus mar sin ba orthusan a bronnadh ceart ainmnithe na dúile. Fuair an t-ainm faomhadh na gcumann ceimice agus fisice sa bhliain 2016.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]