Óglaigh Phrotastúnacha Uladh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaÓglaigh Phrotastúnacha Uladh
lang=ga
"Ar Son Dé agus Uladh" an mana a bhí ag an Ó.P.U. Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálfeadhain mhíleata Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1966

Buíon pharaimíleatach dílseoirí ab ea Óglaigh Phrotastúnacha Uladh, Ó.P.Ú. (Ulster Protestant Volunteers, UPV, i mBéarla). Chuir Ian Paisley agus polaiteoirí aontachtacha eile ar bun í sna 1960í chun brú a chur ar Terence O'Neill, Príomh-aire Thuaisceart Éireann, stad a chur ar na leasuithe a bhí idir lámha aige. Bhí siad faoi smacht Choiste Cosanta Bhunreacht Uladh (Ulster Constitution Defence Committee, UCDC), a bhí faoi cheannas Paisley.

Thosaigh an Ó.P.Ú. ar fheachtas buamála sa bhliain 1969. Phléasc buamaí ar an 30 Márta, agus 4, 20, 24 agus 26 Aibreán chun brú a chur ar rialtas Terence O'Neill. Thit an locht ar an IRA ar dtús.

D'éirigh leis an Ó.P.Ú. rialtas O'Neill a thabhairt síos. Thóg na baill páirt freisin sna mórshiúlta a d'eagraigh Paisley i gcoinne na mórshiúlta de chuid Ghluaiseacht na gCearta Sibhialta, á n-ionsaí go minic.

"Ar Son agus Uladh" an mana a bhí acu. Bhí a lán de na hÓglaigh ina mbaill d'Óglaigh Uladh chomh maith.