Áireamhán
Jump to navigation
Jump to search
Is é is áireamhán ann ná gléas le háirimh a dhéanamh: figiúirí a shuimiú, a roinnt, a iolrú agus a dhealú, nó fiú le fréamh chearnach a bhaint as uimhir nó le luachanna a áireamh do na feidhmeanna triantánacha. Sa lá atá inniu ann, is minic a bhíonn ríomhaire beag leabaithe san áireamhán, agus é ríomhchláraithe le tascanna speisialta a chur i gcrích go héifeachtúil. Mar shampla, tá áireamháin ghrafaice ann agus iad dírithe ar ghrafanna a tharraingt d'fheidhmeanna matamaiticiúla - na feidhmeanna triantánacha (an síneas, an comhshíneas, an tangant) mar shampla, nó feidhmeanna staitistiúla.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |