Ríomhchlár

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is píosa cóid é an ríomhchlár a ritear ar chóras ríomhaireachta chun próiseáil éigin a chur i gcrích. Is féidir tagairt a dhéanamh don chód foinseach i dteanga ríomhchlárúcháin éigin nó don fhoirm inrite den chód sin leis an bhfocal ríomhchlár. Glactar leis gur scríobh Ada Lovelace an chéad ríomhchlár ina nótaí chun uimhreacha Bernoulli a ríomh ar an Inneall Anailíse a cheap Babbage.