Printéir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Printéir de chuid Hewlett-Packard
Printéir de chuid Canon

Is gléas forimeallach ríomhaireachta é printéir[1] (nó clóire) a mbaintear feidhm as le haschur ríomhaire a chlóbhualadh ar pháipéar nó ar ábhar eile. Trí chnaipe a bhrúigh ar scáileán an ríomhaire, is féidir cáipéis nó comhad a chlóbhualadh go han-tapa ar fad sna printéirí. Bíonn páipéar agus dúch nó tonóir sa phrintéir agus clóbhuailtear an cháipéis agus an comhad go tapa. I bprintéirí an lae inniu, ní dhéanann siad teagmháil dhíreach leis an bpáipéar mar a tharla san am atá thart.

Is féidir le printéir bheith ceangailte le ríomhaire amháin nó líonra de ríomhairí. Bíonn cead ag gach duine sa líonra feidhm a bhaint as an bprintéir. Is mar seo a bhíonn sé in oifig de ghnáth. Ní gá don phrintéir bheith ceangailte le ríomhaire le sreanga. Is féidir le ríomhaire nascadh le printéir trí chóras fo-dhearg nó Bluetooth. Is féidir gach cineál comhaid a chlóbhualadh sna printéirí is nua-aimseartha. Is féidir cáipéisí, íomhánna, grianghraif agus taispeántais a chlóbhualadh. Is féidir leo a bheith daite más é sin mian an té a chlóbhuail iad.


Cineálacha printéirí nua-aimseartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na príomhchineálacha atá ar an margadh anois ná:

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “printéir” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2022-09-05.