Feidhm (matamaitic)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Graf na feidhme ,

Sa mhatamaitic, comhthiomsaíonn feidhm cainníocht amháin, argóint na feidhme, ar a dtugtar an t-ionchur, le cainníocht eile, luach na feidhme, ar a dtugtar freisin an t-aschur. Sannann feidhm aschur díreach ar cheann amháin do gach ionchur. Deirtear f(x) nó "F de X." D'fhéadfadh an argóint agus an luach bheith ina réaduimhreacha, ach is féidir leo freisin bheith ina n-eilimintí ó aon tacar ar leith. Is sampla simplí d'fheidhm é f(x) = 2x, áit a seasann an x d'aon réaduimhir. Comhthiomsán gach réaduimhir le réaduimhir dhá uair chomh mór leis. Mar sin, mar shampla, tá 5 comhthiomsaithe le 10, scríofa f(5) = 10. Tabhair faoi deara i gcomhair na feidhme seo gur tacar de réaduimhreacha é an fearann, agus is sraith de réaduimhreacha é an raon chomh maith; níl an dá thacar comhionann.

Nodaireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Leibnitz, sa bhliain 1673, a thug dúinn an focal "feidhm" ("function" as Béarla)[1].

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Morris Kline. Mathematical Thought from Ancient to Modern Times, Volume 1. Oxford University Press, New York, Oxford. ISBN 0-19-506135-7. 1972. p.340