Zadar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Zadar
Grad Zadar
Zadar
Suíomh

44°7′ Thuaidh 15°13′ Thoir

Rialtas
Tír: Flag of Croatia.svg An Chróit
Contae: Zadar
Méara: Živko Kolega
Déimeagrafaic
Achar: 194 km²
Daonra: 70,916
www.tzzadar.hr

Cathair sa Chróit í Zadar. Bhí 70,000 daoine ina gcónaí ann sa bhliain 2006. Tá an chathair suite ar leithinis os comhair na n-oileán Ugljan agus Pasman.

Ainm[athraigh | edit source]

Luadh an chathair den chéad uair i scríbhinn Gréigeach mar ar tugadh Ίαδασινοί (Iadasinoi) ar phobal na háite, agus d'athraigh an t-ainm go Lader (nó Ladera sa Laidin). As sin tháinig JadraJadera sna meánaoiseanna. Tugadh Jatara, Zara agus Diadora ar an gcathair ina dhiaidh sin, Jadre sa tSeanFhraincis, Jadora in Araibis, Jazara, Jara agus Sarra i Spáinnis. Ghlac Poblacht na Veinéise seilbh uirthi sa 15ú haois, agus Zara mar ainm uirthi, ainm a choinnigh Impireacht na hOstaire sa 19ú haois, ach athraíodh an t-ainm go Zadar i 1910, ainm a buanaíodh i 1945. Léiríonn an iliomad leaganacha tábhacht stairiúil na cathrach.

Stair[athraigh | edit source]

Bhí cónaí ar dhaoine sa cheantar leis na mílte bliain, ón nuachlochaois féin. Faoi 700 RC bhí ceannaithe agus mairnéalaigh lonnaithe san áit agus iad i ngleic leis na Gréigigh. Rinne na Rómhánaigh ionradh ar an gceantar i lár na dara haoise RC agus rinneadh 'municipium' Rómhánach de Ladera i 59 RC. Bhí rath ar an gcóilíneacht ar feadh na gcéadta bliain go dtí go ndearna treabhanna Hun ionradh i 441 agus 447 AD. Tar éis d'impireacht an Iarthair titim as a chéile ba chuid de Ríocht na nOstragotach í Zadar go dtí gur ghabh impireacht an Oirthir an ceantar i 536. Tamall gearr ina dhiaidh sin thosaigh na Slávaigh ag teacht isteach sa cheantar agus tá a sliocht i seilbh na Cróite go fóill. Bhí achrann idir an dream nua agus na seanchóilíneachtaí a mhair ar feadh na gcéadta bliain eile. Tháinig Zadar slán mar gheall ar a hionad deachosanta agus mhair an oidhreacht Rómhánach agus an ceangal le Biosantiam. Bhí stát Cróátach ag teacht in inmhe timpeall ar Zadar agus bunaíodh ríocht Chróátach i 925 ach níor mhair sí i bhfad. Ghlac na Veinéisigh seilbh ar an Dalmáit i 998.

Sa bhliain 1099 rinne an rí Ungárach Coloman ionradh ar Ríocht na Cróite agus ghéill Zadar dá údarás in 1105. Lean na Veinéisigh orthu ag ionsaí idir 1111 agus 1154 agus idir 1160 agus 1183. D'éirigh Zadar amach sa bhliain 1183 agus rinne achainí ar an bPápa agus ar ríocht na hUngáire, ach bhí an Ceathrú Chrosáid ar bun agus a lucht eagraithe ag brath ar an Veinéis chun saighdiúirí a thabhairt i longa chun na hÉigipte. Mar nach raibh go leor airgid ag na Crosáideoirí chun íoc as na longa rinne an Doge Enrico Dandalo margadh leo agus cuireadh Zadar faoi léigear. Gabhadh an chathair agus bhí sí faoi rial na Veinéise in athuair. Is iomaí éirí amach a bhí ann ina dhiaidh sin go dtí go raibh Zadar faoi rial na hUngáire aris i 1358. Ach mar gheall ar chogadh cathartha san Ungáir dhíol an Rí Ladislas Anjou an chathair ar ais leis an Veinéis ar 100,000 ducat. De réir mar a tháinig Impireacht na Túirce chun cinn sa réigiún mhéadaigh tábhacht Zadar mar dhaingean Veinéiseach.

Tar éis don Veinéis titim i 1797 ghabh Impireacht na hOstaire seilbh ar an Dalmáit agus aontaíodh Zadar leis an gcuid eile den Chróit. Bhí seilbh ag na Francaigh uirthi ar feadh tréimhse ghearr mar chuid de ríocht na hIodáile (1806-1813). Ghabh na hOstaraigh seilbh ar an Dalmáit arís sa bhliain 1813. Le linn tréimhse Napoleon foilsíogh an chéad nuachtán Dalmáiteach "Kraglski Dalmatin - Il Regio Dalmata" i Zadar. Faoi réimeas na hOstaire bhí an-iomaíocht idir Iodálaigh agus Slávaigh sa cheantar agus an náisiúnachas ag teacht chun cinn tar éis 1848. Ghabh arm na hIodáile seilbh ar Zadar i mí na Samhna 1918 agus rinneadh cathair Iodálach di i 1920, faoi Chonradh Rapallo, agus Zara mar ainm oifigiúil uirthi. Thosaigh daoine ag tréigean na cathrach nuair a tháinig na Fasaistigh i gcumhacht san Iodáil.

Tar éis don Ghearmáin ionradh a dhéanamh ar an Iúgslaiv i 1941 rinneadh cúige Iodálach den Dalmáit, osclaíodh campaí géibhinn do Shlávaigh agus rinneadh cos ar bolg ar mhuintir na háite. Nuair a ruaigeadh Mussolini as oifig ghéill rialtas Pietro Badoglio do na comhghualaithe. Ghabh na Gearmánaigh seilbh ar Zadar agus d'fhulaing an chathair go mór ó bhuamáil na gComhghuallaithe. Maraíodh na mílte agus scriosadh séadchomharthaí stairiúla. Theith na mílte de shliocht na hIodáile agus nuair a chúlaigh na Gearmánaigh ghabh treallchogaithe Tito an chathair. Lonnaigh Cróitigh inti agus ba chuid de Phoblacht Fheidearálach Shóisialach na Iúgsláive í feasta.

D'fhás an chathair go mear faoin réimeas nua, tógadh bóithre agus monarchana agus cuireadh tús le tionscal na turasóireachta. Bhí an-chuid fostaíochta i Zadar agus caighdeán maireachtála i bhfad níos airde inti ná i gceantair eile sa tír. Thit an Iúgsláiv as a chéile tar éis bhás Tito agus thosaigh cogaí idir na poblachtaí éagsúla. Tháinig meath ar eacnamaíocht Zadar sa tréimhse seo, go háirithe mar gheall ar bheartas príobháidithe a chuir deireadh le formhór na gcuideachta rafara a bhí inti. Le linn chogadh na Saoirse d'ionsaigh fórsaí Seirbeacha an chathair le gunnaí móra agus bhí sí faoi léigear ar feadh dhá bhliain. Tháinig deireadh leis an gcogadh i 1995.