Uí Cheallaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Armas Uí Cheallaigh

Tá trí chlann ann in Éirinn darb ainm Uí Cheallaigh. Is í clann Uí Cheallaigh Uí Maine an ceann is suntasaí. Tá clann eile i mBreá, de shliocht Uí Néill. Tá clann shóisearach eile ann, Uí Cheallaigh Chualann, de shliocht Uí Mháil, ainmnithe as a n-áit dúchais.

Uí Cheallaigh Uí Mhaine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceallach mac Fíonachta, a mhair sa 9ú haois, is ea sinsear Uí Cheallaigh Uí Mhaine. Ba é Tadhg Mór Ó Ceallaigh an chéad duine a ghlac an sloinne,[1] a maraíodh i gCath Chluain Tarbh ag tríd ar son a chomhghuaillí, Brian Bóramha, rí na Mumhan agus Ardrí na hÉireann.

Feictear luathghinealach Uí Cheallaigh i Leabhar Uí Mhaine, scríofa sa 14ú haois, faoi ord ardeaspag Thuama, Muircheartach mac Pilib Ó Ceallaigh, spreagtha ag Liam Ó Ceallaigh, taoiseach Uí Mhaine. Caomhnaítear an leabhar i nAcadamh Ríoga na hÉireann i mBaile Átha Cliath.

Seo a leanas chur síos ar armas Uí Cheallaigh Uí Mhaine:

"gormghlas, túr trí-chorónach, tacaithe ag dhá leon airgid ina gcolgsheasamh, agus slabhraí ag teacht anuas óna táibhlí idir chosa óir na leon[1]

Is é an mana ná:

"Turris fortis mihi Deus".[2]
Túr láidir is ea Dia dom

Uí Cheallaigh Bhreá[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceallach mac Congalaigh mhic Conaing use sinsear chlann Uí Cheallaigh, Brega. Ar cheann de Cheithre Chlann na Teamhrach is ea iad, a mheastar.[3]

Uí Cheallaigh Chuala[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceallach Cualann mac Gerthidi is ea sinsear chlann Uí Cheallaigh Chualann,[4]Uí Mháil na Laighean ag deireadh na 7ú haoise.

Caisleán Uí Cheallaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "O'Kelly (No.1) family genealogy - Irish Pedigrees". Dáta rochtana: 28ú Meán Fómhair 2021.
  2. "A Little O'Kelley History". Dáta rochtana: 28ú Meán Fómhair 2021.
  3. "O'Kelly (No.5) family genealogy - Irish Pedigrees". Library Ireland. Dáta rochtana: 28ú Meán Fómhair 2021.
  4. "Ireland's History in Maps - Leinster, Laigin - The Tribes of Ireland". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-03-23. Dáta rochtana: 28ú Meán Fómhair 2021.

Teimpléad:Connachta