Tumadóir mór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ciaróg mhór shnasta a fhaightear i ngnáthóga uisciúla mar larbhaí is ciaróga fásta. An chiaróg fhásta suas le 38 mm ar fhad. Sáinníonn sé aer faoina chumhdaigh sciathán chun gur féidir leis análú faoin uisce. Na cosa deiridh cosúil le céaslaí. Creachadóir ar fheithidí, larbhaí, moilisc is éisc bheaga.