Thomas Müller
| Thomas Müller | ||
|---|---|---|
| Eolas pearsanta | ||
| Dáta breithe | 13 Meán Fómhair, 1989 | |
| Áit breithe | Weilheim, An Ghearmáin | |
| Club reatha | ||
| Club | Bayern München | |
| Suíomh | 25 | |
| Foirne mar imreoir | ||
| 2008- | Bayern München | |
Is imreoir peile é Thomas Müller, a rugadh ar an 13 Meán Fómhair 1989. Tá sé ag imirt le Bayern München faoi láthair. Imríonn sé le foireann sacair idirnáisiúnta na Gearmáine chomh maith. Imríonn sé i lár na páirce nó chun tosaigh. Tá clú ar a luas, a theicnic agus a fhéinmhuinín agus ar na cúil a scórálann agus a chruthaíonn sé. Tá sé le Bayern München óna óige. Thosaigh sé ag imirt leis an bpríomhfhoireann faoin traenálaí Louis van Gaal i séasúr 2009–10 agus bhí sé páirteach sa chuid ba mhó de na cluichí. Bhuaigh an club an Bundesliga agus an corn chomh maith le craobh Shraith na Seaimpíní a shroichint. De bhárr a chlú agus an taithí a bhí faighte aige glaodh air imirt don fhoireann náisiúnta do Chorn an Domhain 2010. Fuair sé dhá chúl i gcoinne Shasana sa dara babhta. Fuair sé an chéad chúl (sa 3ú nóiméad) i gcoinne na hAirgintíne sa chluiche ceathrú ceannais.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.