Teoiric na bhfrídíní galair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gur fionnadh an micreascóp sa 17ú céad, ní raibh aon eolas ná tuiscint ar cad ba bhun leis na galair thógálacha, agus mar sin ní raibh córacha leighis cuí orthu ar fáil. Leis an micreascóp, bhí daoine in ann neacha beo micreascópacha a fheiceáil den chéad uair. Tar éis 100 bliain eile, d'fhás an tuiscint ar an gceangal idir na horgánaigh fhíorbheaga sin is galair éagsúla, go mór mór tar éis don bhaictéireolaí Gearmánach Robert Koch a thaispeáint i 1876 go raibh baictéir ar leith ciontach as antrasc. Lean an dochtúir Sasanach Edward Jenner is an ceimicí Francach Louis Pasteur leis an obair seo, agus d'fhorbair siad córacha leighis i gcoinne galair bhaictéar ar a dtugtar vacsaíní. Faoi seo tá na mílte baictéar aitheanta ag eolaithe, is víris freisin, agus mar thoradh ar sin tuiscint mhaith ar a lán galar. Tá modhanna chun bia a láimhseáil, bealaí díonta, drugaí frithghalair ar leith, córais sláinte poiblí, coraintín, modhanna steirilithe obráide, agus a lán eile bunaithe ar an teoiric seo.