Antrasc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bacillus anthracis

Galar géar tobann dainséarach é an t-antrasc a bhuaileann idir dhaoine agus ainmhithe. Is é an baictéar úd Bacillus anthracis is cúis leis. Tá vacsaíní maithe ann leis an antrasc a chosc roimh ré, agus is féidir tréithchineálacha áirithe a chloí le hantaibheathaigh, ach tríd is tríd, is galar tromchúiseach é ar fearr gan é a tholgadh. Cosúil lena lán baictéar eile den ghéineas úd Bacillus, is féidir leis an antrasc spóir shuanacha a dhéanamh a mhaireann na scórtha bliain ag fanacht lena ndeis, ach nuair a thiocfaidh siad i dteagmháil le horgánach an duine nó an ainmhí, músclóidh siad arís, agus iad ag clannú leo go tiubh téirimeach. Is féidir leo teacht isteach tríd an análú nó trí chneácha oscailte, nó as feoil an ainmhí ionfhabhtaithe. De ghnáth, análaíonn na luibhiteoirí isteach iad, agus ansin, tolgann na feoiliteoirí an galar nuair a itheann siad feoil na luibhiteoirí.

An tAntrasc ar na hAinmhithe[athraigh | edit source]

Tá a fhios ag an gcine daonna le fada go bhfuil a leithéid de ghalar agus antrasc ann agus gur dual do na caoirigh agus do na ba é a tholgadh. Creidtear gurbh é an t-antrasc an Séú Plá, a luaitear in Eaxodus sa Bhíobla (Eax. 9:8-12):

Dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón: Tógaigí croibh súiche ón bhfoirnéis agus caitheadh Maois in airde san aer iad i radharc Fhorainn. Déanfar smúit mhín de os cionn talamh na hÉigipte go léir agus déanfar neascóidí de ag briseadh amach ar dhaoine agus ar ainmhithe ar fud chríocha na hÉigipte go léir. Thógadar súiche ón bhfoirnéis agus sheas os comhair Fhorainn. Chaith Maois in airde san aer é agus rinneadh neascóidí de ag sceith ina bpucháin ar dhuine agus ar ainmhí. Níor fhéad na draíodóirí aghaidh a thabhairt ar Mhaois de bharr na neascóidí mar bhí na neascóidí ar na draíodóirí mar a bhí ar na hÉigiptigh go léir. Ach chruaigh an Tiarna croí Fhorainn agus, mar a dúirt an Tiarna, níor thug sé cluas dóibh.

—(lch.65 in: An Bíobla Naofa, arna aistriú ón mbuntéacs faoi threoir ó Easpaig na hÉireann maille le Réamhrá agus Brollaigh. An Sagart, Maigh Nuad 2000.)

Ainmníonn Hóiméar an t-antrasc freisin san Iliad, agus tráchtann Vergilius air ina dhán teagascach faoi chúrsaí talmhaíochta, Georgica.

An tAntrasc ar an Duine[athraigh | edit source]

An tAntrasc sna Scamhóga[athraigh | edit source]

Is é an tolgadh tríd na scamhóga an cineál is dainséaraí. Go bunúsach, i ndiaidh don othar na spóir a análú isteach, mothóidh sé airíonna an ghnáthfhliú air féin ar dtús, ach i gceann cúpla lá, clisfidh a chóras riospráide air. Is dual do bhreis is naonúr in aghaidh an deichniúir de na hothair bás a fháil as an gcineál seo antraisc mura dtabharfar cógais dóibh, ach má thugtar féin, gheobhaidh duine as gach beirt bás.

An tAntrasc sa Chonair Ghastraistéigeach[athraigh | edit source]

An té a íosfaidh feoil thruaillithe, tolgfaidh sé an t-antrasc gastraistéigeach. Is iad na hairíonna is dual dó ná urlacan fola, buinneach, athlasadh géar sa chonair stéigeach, agus tormas ar bhia. Nuair a bheidh an córas gastraistéigeach ar fad truaillithe ag an bhfrídín, ionsóidh sé imshruthú na fola, agus tuilleadh tocsainí á tháirgeadh aige idir an dá linn. Is féidir an t-antrasc gastraistéigeach a leigheas le cógais, ach gheobhaidh 25 % - 60 % de na hothair bás mar sin féin, ag brath ar cé chomh luath is a thabharfar an phurgóid cheart don othar.

An tAntrasc sa Chraiceann[athraigh | edit source]

Is féidir an t-antrasc a tholgadh tríd an gcraiceann fosta. Aithneofar othras ar an áit ar tháinig na frídíní i dteagmháil leis an gcraiceann. Is ar éigean a gheofá bás leis an gcineál seo antraisc, ach is féidir leis an othras dul chun dainséir agus tocsaeime is seipseas a thabhairt don othar (is é sin, a imshruthú fola a thruailliú le tocsainí, nó nimheanna baictéaracha), mura leigheasfar an t-othar mar is cuí.

An tAntrasc sa Chogaíocht Bhitheolaíoch[athraigh | edit source]

Is féidir úsáid a bhaint as na spóir antraisc le cogadh bitheolaíoch a chur, ar chúiseanna éagsúla: bíonn na spóir fadsaolach, is furasta iad a tháirgeadh, agus thairis sin, is deacair an galar féin a aithint in am: ar dtús, is deacair an t-antrasc scamhógach a aithint thar ghnáthshlaghdán, agus ar an dóigh chéanna, is beag idir an t-antrasc gastraistéigeach agus rup rap den chineál neamhurchóideach, ó thaobh na n-airíonna de.