Ted Kennedy
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
| Edward Moore Kennedy | |
|
|
|
| In oifig 7 Samhain, 1962 – 25 Lúnasa, 2009 |
|
| Réamhtheachtaí: | Benjamin A. Smith |
| Comharba: | Paul G. Kirk |
|
|
|
| Dáta breithe | 22 Feabhra, 1932 |
| Bostún, MA, SAM | |
| Dáta báis | 25 Lúnasa, 2009 |
| Hyannis Port, MA, SAM | |
| Páirtí | Páirtí Daonlathach |
| Gairm | Polaiteoir, dlíodóir |
| Céile | Joan Bennett Kennedy (1958–1982) Victoria Reggie Kennedy (1992-2009) |
| Síniú |
|
Seanadóir na Stát Aontaithe sinsearach ó Massachusetts ab ea é Edward Moore Kennedy (Gaeilge: Éadbhard Ó Mordha Ó Cinnéide; rugadh ar an 22 Feabhra 1932 é, i mBostún, Massachusetts agus fuair sé bás ar an 25 Lúnasa 2009), ar ar dtugtaí Ted Kennedy go leathan. Ba bhall agus íocón é de chuid an Pháirtí Daonlathaigh.
Tús a shaoil [athraigh]
Ba é Ted Kennedy an páiste ab óige sa teaghlach, mac le Joseph P. Kennedy, Sr. agus Rose Elizabeth Fitzgerald. D'fhreastail sé ar Scoil Fessenden, Acadamh Milton agus ansin chuaigh sé isteach in Ollscoil Harvard sa bhliain 1950. Chóirigh sé é chun dalta eile a scrúdú deireanach ina rang Spáinnis a dhéanamh, agus baineadh é amach ó Harvard i mí Bealtaine 1951. Chuaigh sé isteach san Arm na Stát Aontaithe ar feadh dhá bhliain. Bhí sé lonnaithe i gceanncheathrú SHAPE i bPáras. Chuaigh Kennedy ar ais go Harvard arís, agus bhain sé céim amach i Meitheamh 1956. Sa Bhliain 1958, d’fhreastail sé ar an Hague Academy of International Law. Bhain sé céim dlí amach ó Ollscoil Virgina agus ligeadh isteach sa bharra Massachusetts é sa bhliain 1959.
A shaol sa pholaitíocht [athraigh]
Stiúir Kennedy feachtas atoghchánaíochta a dhearthár John don Sheanad nuair a bhí sé fós ag déanamh staidéar ar dlí.
Toghadh é mar sheanadóir ó Massachusetts sa bhliain 1962, chun an suíochán a fágadh folamh ag a dhearthár, nuair a bhí John tofa mar Uachtarán na Stát Aontaithe, a líonadh. Atoghadh é arís i 1964, 1970, 1976, 1982, 1988, 1994, agus 2000.
Deireadh a shaoil [athraigh]
Bhí cónaí air i Hyannis Port, lena bhean chéile, Victoria Reggie Kennedy, agus a pháistí, Curran agus Caroline. Bhí triúr páiste fásta aige - Kara, Edward Jr., agus Patrick, lena chéad bhean chéile Virginia Joan Bennett. Bhí ceathrar gar-pháistí aige chomh maith. Rinneadh athair ionadaí de do seisear páiste déag eile tar éis básanna a dheartháireacha John agus Robert, iad siúd a bhí feallmharaithe sna blianta 1963 agus 1968 faoi seach.