Teanga Ádhaimh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
“...cibé ainm a thabharfadh an duine ar gach dúil bheo, sin é a bheadh mar ainm air.”

De réir an traidisiúin Ghiúdaigh (mar a thaifeadtar sna midrashim) agus de réir roinnt Críostaithe freisin, is í teanga Ádhaimh an teanga a labhair Ádhamh (agus b’fhéidir Éabha chomh maith) i nGairdín Pharthais. Tuigtear í mar an teanga a d’úsáid Dia nuair a labhair sé le hÁdhamh (an teanga dhiaga), nó b'fhéidir mar an teanga a chruthaigh Ádhamh chun ainmneacha a thabhairt “ar gach dúil bheo” (Gein. 2:19).

Sa Mheánaois, mhaígh tráchtairí Giúdacha éagsúla gur labhair Ádhamh an Eabhrais, dearcadh a phléigh an file Iodálach Dante Alighieri freisin. Chíor roinnt údar an cheist sa Nua-Aois Luath freisin; lean cuid acu leis an tuairim gur Eabhrais a bhí ann, ach bhí daoine eile, mar shampla John Locke agus Robert Boyle, in amhras.

De réir thraidisiúin na hAetóipe agus na hEiritré, ba í Ge'ez, an teanga Sheimíteach ársa, teanga Ádhaimh.[1]

Maíodh freisin gurbh í GaeilgeGaeilge na hAlban an teanga a labhraíodh i nGairdín Pharthais. Cuireadh an teoiric seo chun cinn sa 19ú haois i leabhar i nGaeilge na hAlban dar teideal Adhamh agus Eubh, no Craobh Sheanachais nan Gàël (1837).[2][3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Is 'Ge'ez' the original language of humanity? | Ethiopia The Kingdom of God”. ethiopiathekingdomofgod.org. Dáta rochtana: 2023-01-03.
  2. "Gaelic design for the 21st century: A laptop decal" (en). Gaelic.co. Dáta rochtana: 2024-03-18.
  3. "When Irish was still the greatest little language in the world" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-03-18.