Tóiriam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachTóiriam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Tóiriam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachTh
Uimhir adamhach90
Mais adamhach232.0377
Peiriad, Grúpapeiread 7
achtainíd
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht1
Ga ianach0.94, 1.05, 1.13 agus 1.21
Stair
AimsitheoirJöns Jakob Berzelius
Fionnachtain1828
EapainmTúr

Miotal bog insínte liathlonrach radaighníomhach é an tóiriam atá ar fáil go nádúrtha sa dúlra. Is é dúil uimhir a 90 é, agus seasann an tsiombail úd Th dó sna foirmlí ceimiceacha. Ceann de na hachtanóidigh atá ann. Creidtear go bhfuil sé trí oiread níos coitianta sa dúlra ná an t-úráiniam, agus é measctha tríd na lantanóidigh (na tearcithreacha). Ní úsáidtear tóiriam inniu le leictreachas núicléach a tháirgeadh, ach is an-ábhar díospóireachta é inniu, ar chóir córas nua imoibreoirí a chur ag obair a d'úsáidfeadh tóiriam an dúlra le 233U a phórú a bheadh á n-eamhnú san imoibreoir.

Ba é an ceimiceoir Sualannach Jöns Jacob Berzelius a d'ainmnigh an miotal seo i ndiaidh Thúir, dia na toirní i miotaseolaíocht na Lochlannach, sa bhliain 1828. Is í an fhoinse is tábhachtaí ná an mhonaisít. Mianra í an mhonaisít ina bhfuil fosfáití na dtearcithreach agus an fhosfáit tóiriam measctha trí chéile. Tá gaineamh monaisíte le fáil ina lán áiteanna, go háirithe san India, sa Bhrasaíl agus san Astráil.

Is é +IV an uimhir ocsaídiúcháin is dual don tóiriam ina chuid comhdhúl. Tá an dé-ocsaíd tóiriam, ThO2, an-teasdíonach, agus a leáphointe suite níos airde ná 3000 °C. Bíonn sé deacair an dé-ocsaíd seo a ghlanadh as na heiseamail tóiriam. Mianra nádúrtha í, agus tugtar tóiriainít uirthi i dtéarmaíocht na ngeolaithe.

Chreidtí ar feadh i bhfad nach raibh úsáid ar bith sa tóiriam. Sna 1880idí, áfach, tháinig an cochall gáis ar an bhfód. Is éard atá sa chochall gáis ná cochall a chuirfidh an-solas as nuair a théifear suas le bladhaire gáis é. Is í an dé-ocsaíd tóiriam an t-ábhar is oiriúnaí agus is lú costas le haghaidh na gcochall seo - is féidir ocsaídí lantanóideach a úsáid freisin. Inniu, úsáidtear tóiriam ar an dóigh seo sna gás-soilse campála i gcónaí. Is é tuairim na saineolaithe nach bhfuil mórán dainséir sna soilse seo do lucht na campála féin, ach iad siúd atá ag obair sna monarchana ag táirgeadh na gcochall gáis, caithfidh siad aird a thabhairt ar rialacha diana slándála, ós rud é go mbíonn siad ag láimhseáil an stuif gach lá.

Úsáidtear tóiriam i gcóimhiotail. Déantar diúracáin agus eitleáin as cóimhiotal an mhaignéisiam agus an tóiriam, Mag-Thor. Cé go bhfuil sé féin radaighníomhach, is sciath mhaith chosanta é ar an radaíocht freisin. Sa leictreonaic, brataítear sreanga tungstain le tóiriam chun go mbeidh siad níos fearr ag astú leictreon uathu.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]