Tearcithir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tugtar tearcithreachamiotail thearc-chré ar na lantanóidigh, ar an itriam agus ar an scaindiam. Is é sin, is iad seo na tearcithreacha:

Áirítear an scaindiam agus an t-itriam leis na tearcithreacha, toisc go mbíonn siad le fáil sna mianraí céanna agus na lantanóidigh, agus iad cosúil leis na lantanóidigh ó thaobh na ceimice de. Le fírinne, ní bhíonn na miotail seo chomh tearc agus a thugann an t-ainm le fios, amach ón bpróiméitiam. Dúil radaighníomhach é an próiméitiam a bhfuil a leathré sách gairid i dtéarmaí na geolaíochta, agus sin é an fáth go bhfuil sé chomh tearc.

I bpoll mianaigh in Ytterby, an tSualainn, a thángthas ar mhianraí a bhí saibhir sna miotail seo an chéad uair, agus mar sin, fuair an t-itriam, an teirbiam, an t-eirbiam agus an t-itéirbiam - ceithre mhiotal ar fad - a n-ainmneacha as an mbaile beag mianadóireachta sin.