Jöns Jakob Berzelius

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimicí a rugadh i Linköping na Sualainne, duine de bhunaitheoirí na ceimice nua-aoisí ab ea Jöns Jakob Berzelius (1779-1848). Rinne sé tomhais bheachta ar mheáchain adamhacha, rud a chuir bun faoi na dlíthe cuingrithe sa cheimic agus teoiric an adaimh D'aimsigh sé na dúile seiléiniam, tóiriam is ceiriam.