Tíortha beagfhorbartha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An chuid is mó de thíortha an Domhain, agus bochtanas mar thréith iontu chomh maith le cothú, sláinte is litearthacht ar chaighdeáin ísle, agus tionscal, iompar is cumarsáid neamhfhorbartha, ag easportáil earraí talmhaíochta is mianraí. Tá tíortha ina measc a tháirgeann ola, a bhfuil meánioncam ard acu. Tá tíortha eile ina bhfuil an earnáil thionsclaíoch ag fás is ag forbairt go tapa, ag teacht chun leibhéal na dtíortha forbartha nó á sárú. Ach tá na tíortha is maille san Afraic fíorbhocht fós, agus uaireanta buaileann gorta iad, ainriail pholaitiúil, is cogaíocht mharfach.