Spásteileascóp James Webb

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisSpásteileascóp James Webb

Cineál miseanréadlann spáis
OibritheoirSpace Telescope Science Institute
   Goddard Space Flight Center Cuir in eagar ar Wikidata
NSSDCA ID2021-130A
Uimh. SATCAT50463
Airíonna árthaigh
MonaróirNorthrop Grumman
Ball Aerospace & Technologies (en) Aistrigh
L3Harris Technologies
General Dynamics Mission Systems (en) Aistrigh
Materion
Raytheon Company
Teledyne Technologies Cuir in eagar ar Wikidata
Mais
6,161.42 kg Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí14.2 (leithead) × 21.2 (fad) m
scáthán príomhúil: 6.5 (trastomhas) m
scáthán tánaisteach: 0.74 (trastomhas) m
Tús an mhisin
Lainseáil roicéid
Dáta25 Nollaig 2021
ÁitELA-3 (en) Aistrigh, Guiana Space Centre (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Feithicil lainseáilAriane 5 ECA (Ariane flight VA256 (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
ConraitheoirArianespace
Gníomhachtaigh fithiseach
Cineál fithisefithis luain
Príomh-theileascóp
Fad fócasach131.4 m
Limistéar bailiúcháin25.4 m²

Facebook: NASAWebb Twitter: NASAWebb Instagram: nasawebb Youtube: UCfi4_aCc2nEhtUMSGqaim_Q Flickr: 50785054@N03 Cuir in eagar ar Wikidata


Tá an spásteileascóp James Webb (an JWST) ag breathnú níos doimhne sa chosmas ná a d’fhéach teileascóp ar bith riamh, an teileascóp is mó riamh, agus an comharba ar Spásteileascóp Hubble,.[1] Tá sé ar a chumas breathnú siar sa stair agus radharc a thabhairt dhúinn ar thús na cruinne.[2]

James Webb v. Hubble
Fithis

Ní hé spásteileascóp James Webb an chéad teileascóp den chineál seo, ach is é an ceann is mó a chuir le heolas an chine dhaonna ar an domhainspás.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is comhphairtíocht idirnáisiúnta idir NASA, ESA agus Gníomhaíocht Spáis Cheanada (CSA) é.[3]

Sa bhliain 2018, Rinne an JWST beagnach 100 lá de thástáil chrióigineach ag Lárionad Spáis Johnson i Houston, Texas. D’éirigh go maith leis na tástálacha go léir lena n-áirítear na cinn sin a bhain leis an Ionstraim Mheán-Infreadhearg (MIRI[4] ... a bhfuil baint ag DIAS léi). Ach bhí moill curtha ar lainseáil JWST, áfach, ó Dheireadh Fómhair 2018, ar dtús go dtí 2021.

Ar Lá Nollag 2021 lainseáil an roicéad 'Ariane 5' ó Spásfort na hEorpa i nGuáin na Fraince. Ar bord an roicéad sin bhí teileascóp James Webb. Tar éis an lainseála agus an scaradh ón roicéad, dheimhnigh ionad rialú misin Webb i mBaltimore, SAM, gur chuir Webb a eagair fótavoltacha i bhfeidhm agus go bhfuil cuma mhaith air, rud a thug le tuiscint gur éirigh go maith leis an seoladh.

Bhí a cheann sprice (an dara pointe Lagrange nó L2) bainte amach i mí Eanáir 2022, 1.5 milliún km ón Domhan. Ón áit faire sin, déanann an teileascóp, an chruinne a iniúchadh sa speictream infridhearg.

Is comhphairtíocht idirnáisiúnta idir NASA, GSE (Gníomhaireacht Spáis na hEorpa) agus Gníomhaíocht Spáis Cheanada (CSA) é. Chosain sé beagnach 10 mbilliún euro chun é a thógáil.

Eolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir leis an spásteileascóp James Webb íomhánna i bhfad níos fearr de na réaltaí agus na reanna neimhe eile a thabhairt dúinn ná leis na teileascóip atá suite ar dhroim an domhain, ó nach bhfuil aer an atmaisféir ag cur isteach air, agus é thuas sa spás.

Is iad príomh-aidhmeanna an teileascóip na chéad réaltaí a cruthaíodh i ndiaidh na hOllphléisce a fheiceáil, agus pláinéad i ngrianchóras eile ar a bhfuil atmaisféar oiriúnach don bheatha a aimsiú.[1]

Bhí na chéad íomhánna eolaíocha ón teileascóp le fáil i mí Iúil 2022. Bhí na réaltfhisiceoirí in ann go díreach struchtúir a fheiceáil nach raibh fiú ainmneacha orthu ag an am sin. Is féidir linn réaltraí a fheiceáil anois mar a bhí siad 13 bhilliún bliain ó shin, ag tús na cruinne.[5]

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn DIAS in Éirinn ag comhoibriú chun crua-earraí agus bogearraí a fhorbairt don Spásteileascóp James Webb.[6] Sa bhliain 2013, thosaigh DIAS forbairt ar bhogearraí don MIRI (radaíocht infridhearg)[4][7]/Spásteileascóp James Webb.[8]

Fionnachtana[cuir in eagar | athraigh foinse]

Trí amharc siar san am chun réaltraí a fheiceáil sa luathchruinne, tugann an James Webb noda thábhachtacha bhreathnaitheacha agus dul chun sa chumhacht ríomhaireachta agus cuirfear ar ár gcumas samhlacha uimhriúla i bhfad níos soifisticiúla a ríomh.[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Conradh na Gaeilge i Londain (2 Iúil 2022). "‎Nuacht Mhall: (Maigh Eo)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2022-07-11.
  2. Iris Aniar, RnaG (Raidió na Gaeltachta). "Mairéad Hurley, Taighdeoir sa Chumarsáid Eolaíochta i Scoil an Oideachais i gColáiste na Tríonóíde" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2022-07-11.
  3. Gníomhaireacht Spáis na hEorpa. "Éirí Webb ar Ariane 5 ar thóir rún na cruinne" (en). www.esa.int. Dáta rochtana: 2022-07-11.
  4. 4.0 4.1 "Mid-Infrared Instrument (MIRI) Instrument Webb/NASA" (en). webb.nasa.gov. Dáta rochtana: 2022-07-11.
  5. Conradh na Gaeilge, Londain (16 Iúil 2022). "‎Nuacht Mhall(An Clár)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2022-07-21.
  6. 6.0 6.1 DIAS (2018). "STRAITÉIS 2018 – 2022". Dáta rochtana: 2022.
  7. Jef Bucas. "DIAS scientists part of team to work on world’s most powerful telescope" (en-GB). Dáta rochtana: 2022-09-23.
  8. Rannpháirtíocht DIAS leis an bhforbairt ar an teileascóp is mó riamh sa spás, Spásteileascóp James Webb, tríd an gcuibhreannas Eorpach MIRI, a bhfuil DIAS ina phríomhchomhalta de.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]