Slash (Ceoltóir)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Slash
Slash live in Rome by Paride.jpg
Slash sa bhliain 2011
Bunús Los Angeles, California
Tír SAM
Gníomhach 1983 - inniu
Seánra(í) ceoil Rac, miotal trom
Lipéad/lipéid UZI Suicide, Geffen, Koch, RCA

Is ceoltóir Briotanach-Meiriceánach é Saul Hudson (a rugadh ar an 23ú Iúil, 1965), cé go bhfuil clú níos mó air mar Slash. Aithnítear é thar aon rud eile mar an iar-ghiotáraí le Guns N' Roses. Ba as Tennessee i SAM dona mháthair agus as Sasana dona athair. Rugadh agus tógadh Saul Hudson i Stoke-on-Trent, Staffordshire, i Sasana go raibh 11 bliain slánaithe aige. Ansin bhog a thuistí go Los Angeles, California. Scar siad óna chéile go gairid ina dhiaidh sin. Thaifead sé agus sheinn sé leo ó 1985 go dtí 1996. Ina dhiaidh sin, bhunaigh sé 'Slash's Snakepit' agus 'Velvet Revolver', an banna atá aige i láthair na huaire. Scaoilfear Slash, an chéad albam aonair uaidh, sa bhliain 2010. Tá aitheantas léirmheastach faighte aige mar sheinnteoir giotáir. I mí Lúnasa 2009, roghnaigh an t-irisleabhar Time é i gcomhar spota a dó ar an liosta "10 Best Electric Guitar Players of All-Time". Roghnaíodh é fosta don 21ú háit ar an liosta atá ag Gigwise, '50 Greatest Guitarists Ever'.