Sléibhte Chill Mhantáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachSléibhte Chill Mhantáin
Íomhá
CineálSliabhraon Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1410314 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Bhaile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhContae Chill Mhantáin Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53°05′N 6°20′W / 53.08°N 6.33°W / 53.08; -6.33
Tréithe
Airde os cionn na farraige925 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí43 (leithead) × 66 (fad) km
Pointe is airdeLog na Coille Cuir in eagar ar Wikidata  (925 m Cuir in eagar ar Wikidata)
Déanta aseibhear, míoca, siosta agus grianchloichít Cuir in eagar ar Wikidata
Achar3,000 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Catagóir II IUCN: Páirc Náisiúnta
Stair
Tréimhsí stairiúlaDeavónach agus Caimbriach Cuir in eagar ar Wikidata

Is iad na Sléibhte Chill Mhantáin an ceantar sléibhe is mó in Éirinn.[1] Síneann siad thar Chontae Chill Mhantáin agus isteach i gcontaetha Bhaile Átha Cliath, Loch Garman agus Cheatharlach. Nuair a shíneann na sléibhte isteach i gContae Bhaile Átha Cliath, tugtar Sléibhte Bhaile Átha Cliath orthu go háitiúil. Is é an binn is airde ná Log na Coille ag 925 m (3,035 tr).

Tá daoine ina gcónaí ar na sléibhte ón ré Neoiliteach agus tá roinnt séadchomharthaí fós ann, go háirithe sraith tuamaí pasáiste, go dtí an lá atá inniu ann. Lárionad tábhachtach de chuid na hEaglaise Luatha in Éirinn ba ea an mhainistir i nGleann Dá Loch a bhunaigh Naomh Caoimhín ag deireadh an 6ú haois. Tar éis ionradh na Normannach sa 12ú haois, bhí Sléibhte Chill Mhantáin mar dhaingean agus ina n-ionad folaithe do chlanna Éireannacha in aghaidh riail Shasana. Bhí feachtas ciapadh ar bun ag na teaghlaigh Uí Bhroin agus Uí Thuathail in aghaidh na lonnaitheoirí ar feadh beagnach cúig chéad bliain. Níos déanaí, chothaigh na sléibhte reibiliúnaithe le linn Éirí Amach 1798. Tháinig deireadh le gníomhaíocht na reibiliúnach tar éis tógáil Bhóthar Míleata Chill Mhantáin ag tús an 19ú haois agus thosaigh na sléibhte ag mealladh turasóirí go dtí fothracha Ghleann Dá Loch agus chun na radharcra sléibhte a feiceáil.

Tá an limistéar ardtailte ar fad ainmnithe mar Limistéar Caomhantais Speisialta agus mar Limistéar faoi Chosaint Speisialta faoi dhlí An tAontas Eorpach. Bunaíodh Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin i 1991 chun an bhithéagsúlacht agus an tírdhreach áitiúil a chaomhnú.

Ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faigheann Sléibhte Chill Mhantáin a n-ainm ó Chontae Chill Mhantáin agus is as baile Chill Mhantáin a thagann a ainm. Tagann bunús an ainm ón Sean-Lochlainnis WykyngloWykinlo. [2] An t-ainm Gaeilge ar Chill Mhantáin, Cill Mhantáin, a ciallaíonn "Eaglais Mhantán", ainmnithe i ndiaidh aspal Naomh Pádraig.[2] Níor bunaíodh Cill Mhantáin mar chontae go dtí 1606; roimhe sin ba chuid de Chontae Bhaile Átha Cliath é.[3] Le linn na meánaoise, sular bunaíodh Contae Chill Mhantáin, thagair lucht riaracháin Shasana i mBaile Átha Cliath don réigiún mar Sléibhte Laighean.[4]

Ainm luath do cheantar iomlán Shléibhte Chill Mhantáin ná Cualu, nó Cuala níos deanaí.[5] (Feictear é seo fós in ainm sliabh Ó Cualann) Tá ainmneacha stairiúla ann freisin ar chríocha éagsúla sna sléibhte a bhí faoi smacht ag clanna na háite: tugadh CualannFir Chualann ("Fir Chuala") ar an taobh thuaidh de Chill Mhantáin agus de Bhaile Átha Cliath Theas, ar a dtugtar 'Fercullen' i mBéarla, agus glacann Gleann Imaal a ainm ó chríoch Uí Mháil.[2] Bhí seipt de chlann Uí Bhroin darbh ainm Gaval Rannall i seilbh ar an cheantair thart ar Ghleann Molúra, ar a dtugtar Gaval-RannallRanelagh.[2]

Tugadh Sliabh Ruadh nó na Sléibhte Dearga ar na sléibhte fadó freisin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Logainm. "Sléibhte Chill Mhantáin/Wicklow Mountains" (ga-IE). logainm.ie. Dáta rochtana: 2024-05-01.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Joyce 1900.
  3. Flynn 2003.
  4. Lydon 1994.
  5. Corlett 1999.