Sléacht Bhaile Uí Mhurchú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtSléacht Bhaile Uí Mhurchú
Íomhá
Map
 54°34′30″N 5°58′26″W / 54.575°N 5.974°W / 54.575; -5.974
Cineáldúnmharú líonmhar Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse9 - 11 Lúnasa 1971
Dáta na bliana11 Lúnasa 1971 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBéal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Líon básanna11 Cuir in eagar ar Wikidata

Ar 9-11 Lúnasa 1971, mharaigh Arm na Breataine deichniúr sibhialtach i mBaile Uí Mhurchú, Iarthar Bhéal Feirste. Gortaíodh na doseain eile agus bhí teaghlaigh cráite go dona mar thoradh ar uafáis na dtrí lá sin. Deirtear gur reisimint d'Arm na Breataine a bhí freagrach.[1]

Maraíodh Joan Connolly, 44, Joseph Corr, 43, Edward Doherty, 31, John Laverty, 20, John McKerr, 49, an tAthair Hugh Mullan, 38, Joseph Murray, 41, Noel Phillips, 19, Frank Quinn, 19, agus Daniel Teggart, 44. Bhuail taom croí fear eile, Paddy McCarthy (44) nuair a rinneadh céasadh air.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 1970, d'éirigh le saighdiúirí Frank Kitson seilbh a ghabháil ar cheantair i mBéal Feirste a bhí faoi smacht an IRA Oifigiúil agus an IRA Shealadaigh agus tugadh moladh céadach dó dá bhíthin sin.

Ar an 9 Lúnasa 1971, tugadh isteach imtheorannú gan triail i dTuaisceart Éireann. nó sluachampaí géibhinn. Ghabh fórsaí slándála na Breataine na céadta náisiúnaí agus chuireadar i bpríosún sa Cheis Fhada iad gan triail cúirte. "Operation Demetrius" nó Oibríocht Demetrius a tugadh air, nó an braighdeanas.

Bhí na mílte ball d'Arm na Breataine ar na sráideanna i ruathar inar tógadh suas le 400 fear Caitliceach agus d'imigh na mílte óna dtithe le himeacht ón fhoréigin.[2]

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Frank Kitson, mar bhriogáidire, i gceannas ar an gcathlán paratrúipéirí ar 9-11 Lúnasa 1971.[3]

Lámhachadh deichniúr, ina measc bean a raibh ochtar páistí aici, sagart agus fear a fuair bás de bharr taom croí tar éis achrainn le saighdiúirí.

Cuireadh an milleán riamh ar pharatrúpaí Arm na Breataine a bhí gníomhach i mBaile Uí Mhurchú ar feadh trí lá le linn na corraíola a lean imtheorannú gan triail i mí Lúnasa den bhliain sin[4]. níor ciontaíodh riamh aon saighdiúir as aon dúnmharú i mBaile Uí Mhurchú.

Eachtraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ar an 9 Lúnasa, scaoil naoscaire ar Bobby Clarke, á ghortú agus é ag rith trasna páirce. Nuair a tháinig sagart, an tAthair Hugh Mullan fríd an tamhach táisc le cuidiú leis, scaoileadh marbh é. Agus Frank Quinn (19) a tháinig chun cuidiú leis an sagart, mharaigh na saighdiúirí eisean chomh maith. Fágadh na coirp ina luí sa pháirc ar feadh thréimhse fada ama.
  • Maraíodh Joan Connolly, bean 50 bliain d'aois a raibh ochtar páistí aici, agus i ag iarraidh cuidiú le duine de na daoine a scaoil na Paratrúpaí trasna na sráide ón Henry Taggart Memorial Hall. Scaoileadh san aghaidh í agus deirtear go mairfeadh sí dá bhfaigheadh sí cuidiú. Ach fágadh ina luí ar an tsráid í le bás a fhail cionn is nach raibh aon duine in ann dul a fhad léi mar gheall ar an oiread sin scaoileadh,
  • Maraíodh an déagóir Noel Phillips agus Joe Murphy.
  • An dá lá dár gcionn, maraíodh Joseph Corr agus ar 11 Lúnasa, fuair Edward Doherty, John Laverty,John McKerr agus Paddy McCarthy bás.

Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí daoine muinteartha na marbh ag éileamh ionchoisne sna blianta dár gcionn[5][6]. Bhí coiste bunaithe ag teaghlaigh na marbh agus táthar ag lorg aitheantais ó Rialtas Shasana ag deimhniú gur dhaoine neamhchiontacha iad siúd ar mharaigh an t-arm iad[7].

Cuireadh tús le coiste cróinéara i mí Mheán Fómhair 2018 i gCúirt Thaobh an Lagáin.

  • Thug an tIar-Ghinearál Mike Jackson fianaise ag an gcoiste cróinéara. Bhí sé séanta ag Iar-Cheannasaí in Arm na Breataine go ndearnadh aon iarracht an sléacht a chuir faoi cheilt[8]. Dúirt sé go bhfuil sé áiféiseach a chur ina leith go raibh comhcheilg ar bun ag Arm na Breataine. Ag an am, bhí an Ginearál mar chaptaen leis an gcéad chathláin choisithe don reisimint pharaisiút.
  • Dúirt iarshaighdiúir Breataineach eile go raibh rógairí agus 'coirpigh ó smacht' bainteach leis an Reisimint Paraisiúit[9]. Dúirt sé gur sheachain roinnt de na comhaltaí sin téarmaí príosúnachta ar an gcoinníoll go mbeadh siad páirteach sa reisimint. 'Ba é tuairim na saighdiúirí sin' a dúradh inniu, 'gur bhaill den IRA a bhí in aon duine a bhí ar an tsráid sa trí lá fuilteach sin agus gur cheart iad a lámhach dá réir'. Dúirt sé go raibh ceiliúradh i measc na bhfórsaí sa reisimint, de réir mar a bhí daoine á marú.
  • Ag an am, bhí buíon seanfhondúirí ón UVF ag maíomh go raibh fear gunna dá gcuid ag scaoileadh le daoine sa cheantar agus gurb eisean a mharaigh roinnt den deichniúr. Bhí na gaolta imníoch ag an am go gcothódh idirghabháil an UVF amhras a a thiocfadh salach ar a n-iarracht chun freagracht a leagan ar na saighdiúirí.agus go raibh duaithníocht i gceist[4].
    Gairdín cuimhneacháin

Breithiúnas an chróinéara, 2021[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 11 Bealtaine 2021, chinn an cróinéir san Ionad Idirnáisiúnta Comhdhála go raibh deichniúr Caitliceach a mharaigh saighdiúirí na Breataine i mBaile Uí Mhurchú " iomlán neamhchiontach."[10] Dúirt an cróinéir go raibh sé as compás ar fad ag Arm na Breataine dul i muinín an fhornirt i mBaile Uí Mhurchú. Theip ar an stát, a dúirt sí, a chruthú go raibh an forneart inchosanta. Chaith an Breitheamh Keegan amhras freisin ar roinnt den fhianaise a thug cuid de saighdiúirí a bhí freagrach as an sléacht. Níor ghlac sí le líomhaintí ó Roinn Cosanta na Breataine go mb'fhéidir gur chaith ball den UVF cuid de na híospartaigh.

Thug dlíodóir ghaolta na marbh Pádraig Ó Muirigh le fios go mbeidh siad ag tabhairt cásanna sibhialta in aghaidh Roinn Cosanta na Breataine de réir bhreithiúnas an chróinéara.

2022ː Damáistí cúitimh ceadaithe do theaghlaigh Bhaile Uí Mhurchú[cuir in eagar | athraigh foinse]

San Ardchúirt i mBéal Feirste ar 13 Meitheamh 2022, deimhníodh go raibh damáistí "suntasacha" cúitimh le híoc le teaghlaigh an naonúir a thug cás sibhialta in aghaidh Roinn Cosanta na Breataine.[11]

Leithscéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí leithscéal foirmiúil gafa i bparlaimint Westminster ag Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson ar 19 Márta 2021 le teaghlaigh an deichniúir a chaith agus a mharaigh Arm na Breataine.[12] Léigh an Príomh-Aire ainmneacha na marbh os ard sa pharlaimint agus dúirt sé gur mhian leis thar ceann rialtais éagsúla na Breataine [ó 1971 i leith] leithscéal a ghabháil leis na teaghlaigh faoin gcaoi ar fiosraíodh na maruithe agus faoin bpian a d'fhulaing siad le leathchéad bliain. Dúirt sé gur mhaith leis an méid sin a chur ar taifead.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2018-11-12). "Coiste Cróinéara tosaithe faoin sléacht i mBaile Uí Mhurchú,B.F" (as ga). 
  2. "Scannáin a chuirfidh idir iontas agus uafás orainn le feiceáil ag QFT" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2020-08-09.
  3. Nuacht RTÉ (2024-01-04). "An 'frithcheannairceach' an Ginearál Frank Kitson tar éis bháis" (as ga-IE). 
  4. 4.0 4.1 Póilín Ní Chiaráin (2018). "An UVF agus sléacht Bhaile Uí Mhurchú – macántacht nó mioscais?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-08-09.
  5. RnaG (Lúnasa 2018). "RTÉ Radio Player". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2020-08-09.
  6. Anton Mac Cába, Gaelscéal (25 Meitheamh 2010). "Sléacht Bhaile Uí Mhurchú". Dáta rochtana: 2020.
  7. Sarah de Búrca (2013). "Léacht Bhliantúil Harry Holland - Sléacht Bhaile Uí Mhurchú < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2020-08-09.
  8. Nuacht RTÉ (2019-05-30). "É séanta go ndearnadh marú le linn na dTrioblóidí a cheilt" (as ga). 
  9. Nuacht RTÉ (2019-05-13). "'Baill den Reisimint Paraisiúit ó smacht i mBaile Uí Mhurchú'" (as ga). 
  10. Nuacht RTÉ (2021-05-11). "Deichniúr a mharaigh Arm na Breataine "iomlán neamhchiontach"" (as en). 
  11. Nuacht RTÉ (2022-06-13). "Damáistí cúitimh ceadaithe do theaghlaigh Bhaile Uí Mhurchú" (as ga). 
  12. Nuacht RTÉ (2021-05-19). "Leithscéal gafa ag Johnson faoin gcaoi ar fiosraíodh sléacht" (as ga). 
  13. IMDB film review (2018). "The Ballymurphy Precedent". 
  14. Callum Macrae. (2018). "The Ballymurphy Massacre (Scannán faisnéise)". Dáta rochtana: 2020.