Siondróm Marfan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Galar atá dúchasach do na fíocháin táite é Siondróm Marfan. Fásann na géaga uachtaracha is na cosa chuig faid mhínormálta, le hailt róshoghluaiste ar fad agus méara fada caolchrúbacha. Is féidir go mbeidh galar croí ag duine is asaltú i lionsaí na súl freisin. Bíonn easpa fíocháin fhochraicnigh ann, agus mar sin meáchan duine ró-íseal dá airde. Ainmníodh as an leanbhlia Francach Bernard Jean Antoinin Marfan (1858-1942) é. Meastar go mb'fhéidir go raibh sé ar Abraham Lincoln.