Meáchan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An fórsa (W) a fheidhmíonn domhantarraingt ar mhais ar bith, nó an mhais (M) méadaithe faoin luasghéarú de bharr domhantarraingthe (g = 9.81 m s-2): W = Mg. Tomhaistear an meáchan i niútain (N), a ainmnítear as Isaac Newton. Laghdaíonn an meáchan le hairde os cionn dromchla an Domhain, de bhrí go laghdaíonn g.