Fíochán tacaíochta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fíochán a bhíonn mar bhunábhar in orgáin is codanna eile den cholainn, a nascann na struchtúir seo le chéile is a thacaíonn leo. Braitheann airíonna an fhíocháin ar eagrú a chomhcheall is a gcomhshnáithíní (mar shampla, ar an oiread collaigine atá ann). Sa suth, déanann líonra scaoilte ceallach (an méiseincíoma) agus forbraíonn na fíocháin tacaíochta ar leith (cnámh, loingeán, cealla na fola, is saill) uaidh sin. I measc na ngalar a chuireann isteach ar an bhfíochán tacaíochta, tá siondróm Marfan agus ceallailíteas.