Seán Ó Loirgneáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán Ó Loirgneáin
Beathaisnéis
BreithAn Pháirc Gharbh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball de

Bhí Seán Ó Loirgneáin (fl. 1914–1951) ina bhall d'Óglaigh na hÉireann agus ghlac sé páirt in Éirí Amach na Cásca in 1916.

Ba as an bPáirc Gharbh, Baile Chláir, Contae na Gaillimhe ó dhúchas é. Ghlac sé páirt in Éirí Amach na Cásca i nGaillimh, faoi cheannas an Chaptaein Tom Ruane ó Bhaile Uí Ghriallais. Throid sé i gcath an Chairn Mhóir, an chéad chomhrac in éirí amach na Gaillimhe. Ghlac complacht óglach ó Bhaile Chláir, ón gCaisleán Gearr, agus ón gCarn Mór páirt sa chath in aghaidh saighdiúirí de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann i sé leoraí. Chuaigh an complacht go dtí an clós feirme ag an gColáiste Talmhaíochta taobh amuigh de Bhaile Átha an Rí, a bhí gafa cheana féin ag an mbriogáid áitiúil. Bhí sé i láthair nuair a gabhadh Caisleán Mhaigh Fhód, agus scaip sé nuair a tháinig an nuacht gur chlis ar an Éirí Amach i mBaile Átha Cliath.

In 1951, chuir an béaloideasóir Ciarán Bairéad faoi agallamh é. Tá cóipeanna dá chuimhní cinn ar coimeád i Roinn Bhéaloideas Éireann sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • In Their Own Words: The Parish of Lackagh-Turloughmore and its People, eag. Liz Blackmore, John Cronin, Donal Ferrie and Brid Higgins, Galway, 2001. ISBN 0-9539834-0-4.