Scannáin Iodálacha faoin Iarthar Fiáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Glactar leis gur seánra ar leith i stair na scannánaíochta iad na scannáin Iodálacha faoin Iarthar Fiáin, seánra a tháinig ar an bhfód faoi lár na seascaidí. Spaghetti Western an téarma Béarla a chuaigh in úsáid ina lán teangacha eile chomh maith. Le bheith beacht barainneach, ní Iodálaigh amháin a bhí ag déanamh na scannán seo - ba mhinic a bhí comhlacht Spáinneach ag glacadh páirte san obair. As an Iodáil agus as an Spáinn a thagadh an fhoireann scannánaíochta, ach thagadh aisteoirí ó Hollywood freisin - aisteoirí nach raibh ag éirí leo a thuilleadh, nó aisteoirí nua a raibh taithí ag teastáil uathu. Ní rachadh na foirne go Meiriceá ar lorg radharcra - a mhalairt ar fad, bhainidís úsáid as timpeallachtaí i nDeisceart na hEorpa a bhí cosúil le Iar-Dheisceart na Stát Aontaithe, ar nós na hAndalúise sa Spáinn, na Sairdíne nó réigiún Abruzzo san Iodáil. Ó bhí aisteoirí breise ón Spáinn agus ón Iodáil ar fáil go saor, ba mhinic a roghnaítí téamaí a bhí oiriúnach do theanga is do chultúr na n-aisteoirí seo: réabhlóid Mheicsiceo, mar shampla, nó ionradh na mbligeard Meicsiceach thar teorainn.

Stíl na Scannánaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar dtús, bhí Iodáilis á labhairt ar na scannáin seo (cé gur ghnách na scannáin a athghuthú - a dhubáil - as Béarla le haghaidh an mhargaidh idirnáisiúnta). Ní chaití mórán airgid leo, agus bhí "íostachas" ag baint leis an obair scannánaíochta go léir, mar a bheifí ag iarraidh loinnir an laochais a bhaint de choincheap an Iarthair Fhiáin go léir.

Tierra Brutal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Tierra Brutal - (Spáinnis: "An Tír Bhrúidiúil") - an chéad scannán den chineál seo a rinneadh, thiar sa bhliain 1961. Íorónta go leor ní raibh lámh ag Iodálach ar bith i ndéanamh an scannáin. Comhléiriú Sasanach-Spáinneach a bhí ann. Ba é an stiúrthóir Sasanach Michael Carreras a bhí i mbun na scannánaíochta, agus maidir leis na príomhpháirteanna, tháinig na haisteoirí fir as na Stáit Aontaithe (Richard Basehart agus Alex Nicol), agus ba amhránaithe tíre as an Spáinn an bheirt bhan (Paquita Rico agus María Granada).

Sergio Leone - máistir an tseánra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Sergio Leone an stiúrthóir is tábhachtaí a rinne scannáin faoin Iarthar Fiáin san Iodáil. Tá clú agus cáil ar an trí cinn a rinne sé sna blianta 1964-66: A Fistful of Dollars ("Dornán dollar"), For a Few Dollars More ("Ar son cúpla dollar eile"), agus The Good, the Bad, and the Ugly ("An Fear Maith, an Drochfhear, agus an Fear Míofar"). Tugtar "tríológ na ndollar" ar an tsraith seo go minic. Murab ionann agus na scannáin eile den chineál sin, bhí buiséad ard ag an gceann deireanach acu - chaith Leone breis is milliún dollar á dhéanamh. Ba é Clint Eastwood a rinne an phríomhpháirt sa trí scannán, agus ba é Ennio Morricone a chum an ceol.