Séamus Mac Conmara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSéamus Mac Conmara
Beathaisnéis
Breith25 Iúil 1909
Iúr Cinn Trá, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás23 Deireadh Fómhair 1936
27 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Banríona, Béal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh Séamus Mac Conmara san Iúr, Contae an Dúin, ar 25 Iúil 1909[1] agus ba é an tríú duine é den chúigear clann ón dara pósadh. Fuair sé idir bhunoideachas agus mheánoideachas ó na Bráithre Críostaí san Iúr. Is cosúil go raibh suim ag Séamus sa sagartacht fiú nuair a bhí sé in aois mheánscoile ach d’áitigh a athair air dul le leigheas i dtosach agus d’fhreastail sé ar Ollscoil na Ríona i 1926. Scríobh sé éagsúlacht gearrscéalta a foilsíodh in An tUltach agus i ‘Timthire an Chroidhe Naomhtha’ idir 1929 agus 1936. D’fhoilsigh An tUltach sraith altanna leis chomh maith ar scríbhinní leighis idir 1934 agus 1936. Cháiligh Mac Conmara mar dhochtúir i 1931 ach níor chleacht sé an cheird riamh. Bhí air bliain a chaitheamh i gColáiste Cholmáin san Iúr ag foghlaim na Gréigise sula ndeachaigh sé go Maigh Nuad mar ábhar sagairt i 1932. Chodlaíodh sé in aon seomra le fear eile, a tógadh san Iúr leis, ach bhí orthu an coláiste a fhágáil fá cheann bliana nuair a tholg siad araon an eitinn. Tháinig a chomrádaí slán uaithi ach d’éag Séamus ar 23 Deireadh Fómhair 1936 agus tá curtha in Iúr Chinn Trá. Thóg Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin plaic chuimhneacháin do Shéamus ar Shráid Thuaidh ag tús na nóchaidí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

'An Coimhthíoch - scéal scéil, níos aistí ná ficsean' alt eile le S. Mac Cionnaith sa chiclipéid seo.

'Saol agus saothar Shéamais Mhic Conmara' eag. Seán Mac Cionnaith Foilsithe ag Coiscéim, 1988.