Séamas Ó Neachtain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSéamas Ó Neachtain
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Scríbhneoir Gael-Mheiriceánach is ea Séamas Ó Neachtain. Tá ficsean, filíocht agus ailt foilsithe aige i nGaeilge.

Tá a mhuintir ina gcónaí i Meiriceá le breis is cúig ghlúin. Ní bhfuair sé amach go raibh an Ghaeilge ann mar theanga go dtí go raibh sé ina mhac léinn. D’fhreastail sé ar ranganna Gaeilge san Oileán Fada i Nua-Eabhrac ar feadh na mblianta agus i gceann tamaill thug sé faoin teanga a mhúineadh. Sa bhliain 2005 ceapadh é mar uachtarán ar Chumann Carad na Gaeilge, ceann de na heagraíochtaí Gaeilge is sine i Meiriceá.

Tá sé ina cheannaire ar Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín agus ina mhúinteoir ann ón mbliain 2009 i leith.[1]

Thosaigh sé ag scríobh colún Gaeilge don National Hibernian Digest sa bhliain 2002 agus sa bhliain 2004 d’fhoilsigh sé An File ar Buile, meascán de phrós agus d’fhilíocht. Sa bhliain 2008 d’fhoilsigh sé Cogadh Dearg, úrscéal stairiúil. Ina theannta sin chuir sé An Gael, ráitheachán idirnáisiúnta, ar bun. Tá ficsean agus filíocht dá chuid foilsithe in Feasta agus in Comhar, agus bíonn sé ag scríobh ar an Idirlíon.

Roimh dó dul i ngleic leis an nGaeilge bhí sé ina chumadóir ceoil.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín: http://www.scoilgaeilge.org.

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 18 Modern Compositions & Etudes for Electric Bass (Mel Bay 1984)
  • An File ar Buile (Ó Neachtain 2004)
  • Cogadh Dearg (Coiscéim 2008; aistríodh é go Béarla mar Red War, 2009)
  • An File agus Araile: Another Round of Poems in Irish and English (Séamas Ó Neachtain 2012)

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]