Cumann Carad na Gaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCumann Carad na Gaeilge
Sonraí
Cineáleagraíocht neamhbhrabúis Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1873

Suíomh gréasáinphilo-celtic.com Cuir in eagar ar Wikidata

Bunaíodh Cumann Carad na Gaeilge (Béarla: Philo-Celtic Society) sa bhliain 1873. Is iad na cuspóirí atá aige cothú na Gaeilge mar theanga bheo i measc na nGael agus chairde na nGael i Meiriceá agus ar fud an domhain, agus athbheochan na Gaeilge mar theanga bheo na hÉireann, mar aon leis an mBéarla mar chomhtheanga.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’eascair an cumann seo agus roinnt eile ó roinnt litreacha a scríobh Mícheál Ó Lócháin sa bhliain 1872 chun na hirise Gael-Mheiriceánaí The Irish World, ag moladh go gcuirfí ranganna Gaeilge agus eagraíochtaí Gaeilge ar bun. Múinteoir ba ea an Lóchánach féin, agus chuir sé rang Gaeilge ar bun do dhaoine fásta in Brooklyn sa bhliain 1872.[1] Ba ghearr gur bunaíodh cumainn Ghaeilge: Cumann Carad Gaeilge Bhostúin sa bhliain 1873 agus Cumann Carad Gaeilge Brooklyn sa bhliain 1874. Bunaíodh Cumann Carad Gaeilge Nua-Eabhrac sa bhliain 1878, agus as sin a fáisceadh an Cumann atá anois ann.[2]

Sa bhliain 1881 bhunaigh an Lóchánach An Gaodhal, iris dhátheangach an Chumainn.[3] Cailleadh an Lóchánach sa bhliain 1899.

Bunaíodh cumainn eile idir na blianta 1878 agus 1899, cé gur beag baint a bhí acu i ndáiríre leis an nGaeilge. I ndiaidh na bliana 1904 d’imigh an chuid is mó acu i léig. Áitítear gurb éard ba chionsiocair leis seo drochmheas a bheith ag na hÉireannaigh ar an teanga toisc nach gcuideodh sí lena gcur chun cinn i Meiriceá.[4] Faoin mbliain 1945 bhí cuid de Chumann Nua-Eabhrac déanta de Chumainn Brooklyn agus Manhattan.

Ar éigean a bhí an teanga á cur chun cinn ar chor ar bith faoi na seachtóidí. Rinneadh iarracht sa bhliain 1993 cuma nua a chur ar an gCumann le breis béime a chur ar shaothrú na Gaeilge. Theip ar an iarracht seo, ach sa bhliain 2004 d’éirigh le roinnt gníomhaithe iompú arís ar na cuspóirí ba ghaire, dar leo, do bhunaidhmeanna an Chumainn.[5]

Obair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugann baill an Chumainn tacaíocht do ghrúpaí Gaeilge eile agus do mhic léinn ar fud an domhain. Soláthraíonn siad dlúthdhioscaí, leabhair, ábhar teagaisc agus ranganna.

An Gael[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ráitheachán liteartha Gaeilge is ea An Gael a fhoilsítear faoi choimirce Chuman Carad na Gaeilge. Bunaíodh é sa bhliain 2009 agus is é Séamas Ó Neachtain an t-eagarthóir. D’eascair sé ó An Gaodhal, iris dhátheangach a tháinig amach idir na blianta 1881 agus 1904. Iris idirnáisiúnta is ea An Gael, mar is cuí de réir chuspóirí an Chumainn.

Notes[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ó Buachalla, lch 38
  2. Uí Fhlannagáin, lch 65
  3. Ó Buachalla, lch 38
  4. Ó Dochartaigh, lch 87
  5. Cumann Carad na Gaeilge/The Philo-Celtic Society: Stair: http://www.philo-celtic.com/history.html Curtha i gcartlann 2021-03-09 ar an Wayback Machine

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó Buachalla, Breandán, ’An Gaodhal i Meiriceá’ in Go Meiriceá Siar, Stíofán Ó hAnnracháin (ed.). An Clóchomhar Teo. 1979

Ó Dochartaigh, Liam, ‘Nótaí ar ghluaiseacht na Gaeilge i Meiriceá, 1872 – 1891’ in Go Meiriceá Siar, Stíofán Ó hAnnracháin (eag.). An Clóchomhar Teo. 1979

Uí Fhlannagáin, Fionnuala. Mícheál Ó Lócháin agus “An Gaodhal”. An Clóchomhar Teo. 1990

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]