An Romainis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Romainis)
Is alt faoi theanga na Romach é seo. Déantar idirdhealú idir í agus an Rómáinis, teanga na Rómáine; agus an Rómainis, teanga Rómánsach in oirthear na hEilvéise.
Infotaula de llenguaAn Romainis
Romani chib
Cineálmacraitheanga, teanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais46,000,000
Dúchasach doRomaigh
Stáitan Ungáir, an Ostair, An Bhoisnia-Heirseagaivéin, an Cholóim, an Fhionlainn, an Ghearmáin, An Chosaiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an Pholainn, an Danmhairg, an Rómáin, an tSeirbia, an tSlóvaic agus an tSualainn
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Ind-Iaránacha
teangacha Ind-Airianacha
Central Indo-Aryan (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach, Aibítir Choireallach agus script Dhéiveanágrach
Staidéar agRomani studies (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta3 cinnte i mbaol
Cóid
ISO 639-2rom
ISO 639-3rom
Glottologroma1329
Ethnologuerom
ASCL3905
UNESCO405
IETFrom

Is macraitheanga Ind-Airianach í an Romainis a labhraítear i measc phobail na Romach. Dar le hEthnologue 2015, tá thart ar 4 mhilliún cainteoirí dúchais ag na teangacha Romainise uilig. Tugtar faoi deara freisin go n-úsáideann roinnt pobal Románach teangacha measctha bunaithe ar an teanga mórthimpeall le stór focal Romainise; ní chuirtear iad seo san áireamh leis an bhfíor-Romainis ach tugtar "teangacha Para-Romainise" orthu.

Ar na príomhtheangacha a chuimsíos an Romainis, tá: Romainis na mBalcán, Romainis Bhaltach, Romainis Chairp in oirthear na hEorpa, Kalo na Fionlainne, an tSintis i lár na hEorpa, Romainis Vlacsach ar fud oirdheisceart na hEorpa, agus Romainis na Breataine Bige.