Real Academia Española

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Real Academia Española

Is institiúid oifigiúil ríoga í an Real Academia Española ( Gaeilge: Acadamh Ríoga na Spáinne) atá freagrach as rialú na Spáinnise. Tá sí bunaithe i Maidrid, an Spáinn, ach tá sí cleamhnaithe le hacadaimh náisiúnta teanga i 22 náisiún ina labhraítear Spáinnis, trí Chumann na nAcadamh Spáinnis (Asociación de Academias de la Lengua Española). Is é suaitheantas an Real Academia Española ná breogán lasánta, leis an mana "Limpia, esplendor fija da y" (Gaeilge: "glanann [sé]", leagann [sé], agus caitheann [sé] "dealramh suntasach").

Stair[athraigh | edit source]

Bunaíodh an Real Academia Española sa bhliain 1713, bunaithe ar an t-eiseamláir a bhí san Iodáil, an Accademia della Crusca agus sa Fhrainc, an Académie française, leis an aidhm "socrú na guthanna agus stór focal teanga na gCaistíleach le cuibheas, cuannacht, agus íonachta" . Cheadaigh an Rí Pilib V a bhunreacht ar an 3 Deireadh Fómhair, sa bhliain 1714, a chur sé faoi chosaint na Corónach.