Pol Pot

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pol Pot

Ba é Pol Pot (19 Bealtaine, 1928[1][2][3][4][5] - 15 Aibreán, 1998), nó Saloth Sar, mar a bhí air ar dtús, deachtóir Cumannach na Cambóide sna seachtóidí. Ba eisean príomh-aire na tíre, agus é i gceannas ar na Ciméaraigh Dhearga, a chuir timpeall trí mhilliún duine chun báis a fhad is a d'fhan siad ag rialú na tíre. Sa bhliain 1979, cuireadh an ruaig orthu nuair a d'éirigh ina chogadh idir Vítneam agus an Chambóid. Glactar leis gur giorrúchán é an t-ainm sin Pol Pot de na focail Fhraincise politique potentielle, a thagraíonn don chumhacht pholaitiúil. Meastar go bhfuil Pol Pot ar duine den chúigear slua-mharfóirí is measa i stair an chine dhaonna, nó nuair a bhí sé ag rialú a thíre, fuair duine as gach triúr bás de dheasca na bpolasaithe a bhí i bhfeidhm aige - aslonnú an daonra ó na cathracha go dtí an tuath agus pionós báis don fhreasúra. Ní bhfuair Pol Pot féin aon phionós as a chuid coireanna, nó shíothlaigh sé istigh sa dufair, áit a raibh sé ar a sheachnadh ó lámh an dlí is an chirt.

A Shaol[athraigh | edit source]

Tús a Shaoil[athraigh | edit source]

Rugadh Saloth Sar i bPrek Sbauv i gCúige Kampong Som sa bhliain 1928. Bhí a mhuintir ina suí réasúnta seascair ó thaobh an airgid de, agus cé gur Ciméaraigh ab ea iad, bhí braon d'fhuil na Síne iontu, cosúil le go leor den lucht trádála sa chearn sin den domhan. Sa bhliain 1935, d'fhág sé Prek Sbauv le freastal ar scoil Chaitliceach, École Miche, in Phnomh Penh. Bhí a dheirfiúir Roeung ina bean luí ag rí na Cambóide, agus mar sin, bhí cead isteach ag Saloth Sar i bpálás an rí nuair a bhí sé óg. Sa bhliain 1947, chuaigh sé ag staidéar i Lycée Sisowath. Scoil ghalánta a bhí ann, ach níor chruthaigh Saloth óg go rómhaith ag tógáil léinn. D'fhág sé an scoil agus thosaigh sé ag staidéar i scoil teicneolaíochta i Russey Keo, taobh thuaidh de Phnomh Penh, agus sa deireadh thiar thall, bhain sé amach scoláireacht a cheadaigh dó dul go dtí an Fhrainc le staidéar a dhéanamh. Mar sin, chaith sé na blianta 1949-1953 ag staidéar innealtóireachta i bPáras. Ghlac sé páirt freisin i mbriogáid idirnáisiúnta shaorthoilteanach a bhí ag gearradh bóithre san Iúgslaiv sa bhliain 1950.

Ag Dul le Cumannachas san Fhrainc[athraigh | edit source]

Nuair a thug an tAontas Sóivéadach aitheantas do Viet Minh mar rialtas Vítneam sa bhliain 1950, thosaigh Cumannaigh na Fraince ag tacú le cúis neamhspleáchas Vítneam. An dearcadh frithchoilíneach a bhí ag na Cumannaigh, tharraing sé a lán Cambódach óg ina dtreo, Saloth Sar ina measc. Sa bhliain 1951, chuaigh sé mar bhall in eagraíocht rúnda Mharxach - Cercle Marxiste - a bhí tar éis dul i gceannas ar chumann na mac léinn Cambódach roimhe sin. Go gairid ina dhiaidh sin, bhí sé ina bhall de Pháirtí Cumannach na Fraince. Deir an staraí Philip Short go raibh meon frithintleachtúil ag baint leis an bPáirtí Cumannach, agus mar sin, má bhí an staidéar ag dul de Pol Pot óg, ní duáilce a bhí ann i súile na gCumannach, ach suáilce.

Ag Filleadh Abhaile[athraigh | edit source]

Theip air i scrúduithe deiridh na bliana trí huaire, agus mar sin, b'éigean dó filleadh go dtí an Chambóid i Mí Eanáir 1953. B'eisean an chéad bhall de Cercle Marxiste a chuaigh ar ais go dtí an tír, agus is é an tasc a fuair sé ná a bhreithiúnas a thabhairt ar na grúpaí éagsúla a bhí ag cur in aghaidh rialtas Francach na hInd-Síne. Mhol sé do na Cumannaigh comhoibriú le Viet Minh, agus i Lúnasa 1953, chuaigh Pol Pot agus Rath Samoeun go ceanncheathrú fhronta thoir Viet Minh i sráidbhaile Krabao ar theorainn an dá chúige Kompong Sam agus Prey Veng sa Chambóid.

An Réabhlóidí Rúnda[athraigh | edit source]

Bhunaigh Pol Pot agus a chuid cairde Páirtí Réabhlóideach an Phobail Chiméaraigh, nach raibh ann ach eagraíocht soip a bhí á stiúradh ag na Vítneamaigh. Sa bhliain 1954, tháinig scoilt ar na Cambódaigh i gCeanncheathrú an Fhronta Thoir. Lean cuid acu na Vítneamaigh go Vítneam le hoiliúint a fháil a cheadódh dóibh bheith ina gcadres sa Chambóid nuair a bheadh an tír sin sealbhaithe ag na Cumannaigh. Bhí baint ag Pol Pot leis an dara dream, a d'fhill go dtí an Chambóid. Bhí blas áirithe náisiúnachais agus frith-Vítneamachais le haithint ar an mbaicle seo. Sa bhliain 1956, phós Pol Pot. B'í Khieu Ponnary a bhean chéile, agus ba deirfiúir í d'Ieng Thirith, duine acu siúd a bhí ag comhoibriú go polaitiúil le Pol Pot.

An Chambóid Neamhspleách[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1954, bhain an Chambóid amach a neamhspleáchas i ndiaidh Chomhdháil na Ginéive. Ina dhiaidh sin, bhí an eite chlé agus an eite dheis ag iompairc le chéile faoin gcumhacht agus faoi na suíocháin ar an rialtas, agus an Rí Norodom Sihanouk ag saighdeadh na bpáirtithe éagsúla polaitíochta ina chéile agus ag coinneál na ndreamanna antoisceacha faoi dhiansmacht le lámh láidir. Chuir an bhreabaireacht agus an bhrionnadóireacht olltoghcháin na bliana 1955 ó mhaith ar fad, agus chaill a lán de lucht na heite clé cibé muinín a bhí acu as an daonlathas parlaiminteach go dtí sin. Cé go raibh an Páirtí Cumannach meáite ar an ngleic armtha agus ar an réabhlóid fhoréigneach ar chúiseanna polaitiúla, níor bhain sé triail as an gceannairc san am seo, nó bhí sé rólag.

I ndiaidh dó filleadh go Phnom Penh, thosaigh Pol Pot ag idirghabháil idir páirtithe dlíthiúla na hEite Clé (na Daonlathaigh agus an páirtí úd Pracheachon) ó thaobh amháin agus an páirtí Cumannach ón taobh eile. Ní ba deireanaí, chuaigh sé ag saothrú a choda ag teagasc stair agus litríocht na Fraince i scoil phríobháideach.

Na Cumannaigh á nGéarleanúint[athraigh | edit source]

In Eanáir 1962, loc Rialtas na Cambóide lucht ceannais an pháirtí chlé úd Pracheachon agus cuireadh cosc le foilseacháin an pháirtí. Ní raibh aon ghléas fágtha ag na Cumannaigh ansin páirt a ghlacadh i bpolaitíocht na Cambóide go dlíthiúil. I Mí Iúil 1962, ceapadh Ton Samouth, rúnaí an Pháirtí Chumannaigh rúnda, agus maraíodh é nuair a bhí sé i mbraighdeanas. Ansin, bhí an ród réitithe do Pol Pot le dul i gceannas ar an bpáirtí. Ag an Ard-Fheis sa bhliain 1963, nár fhreastail ach ochtar déag de bhallra an pháirtí air, bronnadh céim Rúnaí Lárchoiste an Pháirtí air. I Márta 1963, chonaic sé a ainm féin i liosta na radacach clé a bhí eisithe ag rúnseirbhís Sihanouk, agus d'éalaigh sé as Phnom Penh go dtí an dufair. Chuaigh sé i dteagmháil le Cumannaigh ó Vítneam Thuaidh, a bhí díreach ag cur cogaidh ar Vítneam Theas, agus in imeacht aimsire, d'éirigh leis iad a bhréagadh chun comhoibriú le Cumannaigh na Cambóide.

Tús na Gleice Armtha[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1964, tháinig Lárchoiste an Pháirtí Chumannaigh le chéile, agus d'eisigh siad forógra ag áitiú ar na Cumannaigh Chambódacha cromadh ar an ngleic armtha agus troid a chur ar an rialtas. Chuir an forógra seo an-bhéim freisin ar fhéinchothú agus ar neamhspleáchas eacnamaíoch na Cambóide, agus blas láidir an náisiúnachais air. De réir mar a bhí idé-eolaíocht shainiúil na gCiméarach Dearg ag forbairt sna campaí treallchogaíochta ar fud na teorainn, is iomaí craiceann a chuir an Marxachas de. Go háirithe, d'éirigh na Ciméaraigh Dhearga as an urraim a thabhairt don "lucht oibre", agus iad ag tabhairt tús áite do na scológa bochta - do bhochtáin na tuaithe - mar urgharda na réabhlóide. Bhí a leithéid ag teacht glan crosach ar an Marxachas, ach bhí sé praiticiúil, nó ní raibh mórán lucht oibre ná tionsclaíochta le fáil sa Chambóid ar aon nós. Leis an gCumannachas a chur in oiriúint do mheon na scológ, mheasc an páirtí codanna áirithe den Bhúdachas Téaravádach tríd an idé-eolaíocht.

Sa bhliain 1965, mhéadaigh ar an lámh láidir ag Norodom Sihanouk arís. Is iomaí Cambódach nár thaitin sé leis, agus fuair gluaiseacht na gCiméarach Dearg a lán earcach nua, go háirithe as measc na mac léinn agus na múinteoirí a thug a n-aghaidh ar an tuath le dul sna Ciméaraigh Dhearga.

In Aibreán 1966, thug Pol Pot cuairt ar Vítneam Thuaidh le tacaíocht a fháil don éirí amach a bhí á phleanáil aige in aghaidh rialtas Sihanouk. Ní bhfuair sé ach cur ó dhoras, nó bhí rialtas Vítneam Thuaidh díreach i mbun comhchainteanna le rialtas na Cambóide le go bhfaighfidís cead ó Sihanouk úsáid a bhaint as cuanta na Cambóide agus críocha na Cambóide a thrasnáil agus iad ag cur cogaidh ar Vítneam Theas.

Nuair a d'fhill Pol Pot go dtí an Chambóid sa bhliain 1966, thionóil sé Ard-Fheis nua agus hathaimníodh an páirtí mar Pháirtí Cumannach na Campúise faoi rún. Níor chuala gnáthbhallra an pháirtí a dhath ar bith faoi seo. Cinneadh freisin go gcuirfí limistéar éagsúla cheannasaíochta ar bun le ceannairc ar leith a ullmhú i ngach réigiún i gcoinne an rialtais.

Go moch sa bhliain 1966, d'éirigh trioblóidí idir an rialtas agus muintir na tuaithe faoi phraghas na ríse. Tháinig an chogaíocht inmheánach seo aniar aduaidh ar Pol Pot agus na Cumannaigh, agus ní raibh siad ábalta leas ar bith a bhaint aisti ar dtús. Nuair a tháinig chun solais nach raibh an rialtas ag déanamh a dhath leis an easaontas a réiteach go síochánta, chuaigh míshuaimhneas seo na tuaithe chun sochair do na Cumannaigh i ndeireadh na dála.

Ó dhiúltaigh Vítneam Thuaidh faoi thacaíocht é, níor chinn Pol Pot ach sa bhliain 1967 an t-éirí amach náisiúnta a lainseáil. Thosaigh an t-éirí amach sin ar an 19 Eanáir 1968, nuair a d'ionsaigh na Ciméaraigh Dhearga bunáit de chuid an airm taobh theas de chathair Battambang. Bhí na scológa ag déanamh trioblóide i gceantar Battambang le dhá bhliain cheana féin. Sa deireadh, d'éirigh leis an arm ruaigeadh a chur ar na hionsaitheoirí, ach shealbhaigh na Ciméaraigh Dhearga go leor trealamh cogaidh a bhí ag teastáil uathu. Ina dhiaidh sin, bhain siad úsáid as na hairm seo leis na póilíní a choinneáil amach as na sráidbhailte Cambódacha.

Ag Iompú ina Dheachtóir[athraigh | edit source]

Timpeall ar shamhradh na bliana 1968, bhí Pol Pot ag tiontú ina dheachtóir, in áit a bheith ina cheannaire do ghluaiseacht chomhoibritheach polaitíochta. Roimhe seo, bhí cónaí air in aontíos leis na ceannairí eile, ach anois, chuaigh sé ina chónaí ina áit féin, agus idir fhoireann freastail agus gharda cosanta dá chuid féin aige. Ní raibh cead isteach ag aon duine ach cuireadh a bheith faighte aige roimh ré.

Creidtear nach raibh mórán thar 1500 duine gníomhach sa ghluaiseacht san am seo, cé go bhfuair sí tacaíocht ó shluaite móra faoin tuath. Bhí na hairm gann, ach mar sin féin bhí an ghluaiseacht in inmhe troid a chur ar lucht leanúna an rialtais i dhá cheann déag den naoi ndúiche déag sa Chambóid. Faoi lár na bliana 1969, thionóil Pol Pot Ard-Fheis agus chinn sé ar straitéis na bolscaireachta a athrú. Go dtí an bhliain 1969, bhí na Ciméaraigh Dhearga go mór mór in aghaidh Norodom Sihanouk, agus b'é an freasúra in aghaidh Sihanouk lárphointe a gcuid bolscaireachta. Ag an Ard-Fheis seo, áfach, ghlac siad an cinneadh an bhéim is mó a chur ar pháirtithe na heite deise sa Chambóid agus ar an doigh a raibh a gcuid polasaithe siúd ag fabhrú do na Stáit Aontaithe. Ní rabhthas ag cáineadh Sihanouk go poiblí a thuilleadh, ach ní hionann sin is a rá go mbeadh dearcadh an pháirtí ina leith athraithe.

In Eanáir 1970 a réitíodh ród na gCiméarach Dearg chun cumhachta dháiríre. D'ordaigh Sihanouk don rialtas - agus é féin taobh amuigh den Chambóid faoin am seo - léirsithe frith-Vítneamacha a stáitsiú sa phríomhchathair. D'éirigh go rómhaith leis an gcleas seo, nó chuaigh na léirsitheoirí chun cearmansaíochta agus scrios siad ambasáidí an dá stát Vítneamach. Ansin, cháin Sihanouk na léirsitheoirí agus é ag fágáil an mhilleáin ar "dhaoine anaithnide". Bhí uisce faoi thalamh de shórt éigin eile idir lámhaibh ag Sihanouk agus lucht a leanúna, agus b'é an tátal a bhain go leor Cambódaigh as an scéal gur chóir an chumhacht a bhaint de Sihanouk. Vótáil an Tionól Náisiúnta (an pharlaimint) i bhfách le rún a bhí ag éileamh go n-éireodh Sihanouk as. Ina dhiaidh sin, dhún an rialtas cuanta na Cambóide ar longa arm na Vítneamach, agus hordaíodh do na Vítneamaigh bailiú leo as an tír.

Vítneam - Tadhg an dá thaobh[athraigh | edit source]

Is é an freagra a thug na Vítneamaigh do na hathruithe polaitiúla seo sa Chambóid ná go ndeachaigh Príomh-Aire Vítneam, Pham Van Dong, i dteagmháil le Sihanouk sa tSín agus shocraigh sé leis go rachadh sé i gcomhghuaillíocht leis na Ciméaraigh Dhearga. Bhí na Vítneamaigh sásta gach cuidiú a thairiscint do Pol Pot a bhí de dhíth ar mo dhuine le rialtas na Cambóide a chur as oifig. Le fírinne bhí Pol Pot agus Norodom Sihanouk in Beijing san am céanna, ach níor cheadaigh na Vítneamaigh agus na Sínigh don bheirt acu fáil amach faoina chéile ná dul in aon teagmháil le chéile. Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh Sihanouk ar an raidió in Beijing agus é ag áitiú ar mhuintir na Cambóide éirí amach in aghaidh an Rialtais agus tacú leis na Ciméaraigh Dhearga. I mBealtaine 1970, d'fhill Pol Pot féin ar an gCambóid, agus é ag cur an-luais leis an gceannairc in éadan an rialtais.

Roimhe sin féin, 29 Márta 1970, d'ionsaigh na Vítneamaigh arm na Cambóide as a stuaim féin. Bhí fórsa láidir ionraidh na Vítneamach, 40,000 saighdiúir ar fad, in inmhe críocha móra in Oirthear na Cambóide a shealbhú go sciobtha, agus ní raibh ach cúig chiliméadar déag idir iad agus an phríomhchathair, nuair a d'éirigh le saighdiúirí rialtas na Cambóide a n-ascnamh a stopadh. Ní raibh mórán páirte ná bainte ag Pol Pot ná ag na Ciméaraigh Dhearga sna cathanna seo - b'iad na Vítneamaigh agus na saighdiúirí Cambódacha a bhí ag cur cogaidh ar a chéile.

Pol Pot: Caithfidh muid a bheith beag beann ar an gcuid eile den domhan[athraigh | edit source]

I Mí Dheireadh Fómhair 1970, d'eisigh Pol Pot forógra thar cionn Lárchoiste an Pháirtí, inar leag sé amach an prionsabal neamhspleáchais a bheadh mar bhunchloch i bhfealsúnacht na gCiméarach Dearg feasta. Gairm shlógtha a bhí ann ar na Cambódaigh todhchaí a dtíre a chruthú beag beann ar an saol mór agus gan tionchar ó aon tír eile. Cuid den fhorógra ab ea é an ráiteas go raibh Viet Minh tar éis feall a imirt ar ghluaiseacht Chumannach na Cambóide thiar sna caogaidí. B'é seo an chéad ráiteas a thug le fios go raibh na Ciméaraigh Dhearga ag iompú in aghaidh na Vítneamach, agus is féidir an tóir bhuile a aithint air a bheadh ag rialtas na gCiméarach Dear ar an neamhspleáchas agus ar an bhféinchothaitheacht i gceann an chupla bliain a scar Pol Pot ó chumhacht na Cambóide go fóill.

Na Vítneamaigh ag cur an chogaidh, Pol Pot ag bailiú na dtorthaí[athraigh | edit source]

I rith na bliana 1971, b'iad na Vítneamaigh (arm Vítneam Thuaidh agus Viet Cong) ba mhó a chuir cogadh ar rialtas na Cambóide, agus ní raibh Pol Pot agus lucht a leanúna ach ina gcúntóirí do na Vítneamaigh. Ghlac Pol Pot buntáiste ar an suíomh seo, agus é ag fruiliú earcaigh nua agus á dtraenáil, ionas gur sroicheadh caighdeán ní b'airde saighdiúireachta ná roimhe sin. Chaith Pol Pot tuilleadh acmhainní leis an oideachas polaitiúil agus leis an síolteagasc Cumannach. D'fháiltigh sé isteach sna treallchogaidhe gach earcach nua beag beann ar an aicme shóisialta ar bhain sé léi, ach san am céanna, bhí sé ag éileamh ní ba mhó orthu siúd ar glacadh leo mar bhaill den Pháirtí Chumannach. Ansin, ní raibh cead isteach ach acu siúd nach raibh ach ina scológa bochta, agus ní raibh ach an cur ó dhoras á thabhairt do na mic léinn agus do na scológa nach raibh sách dearóil. Chuir an fhorbairt seo ding idir iad siúd a bhí sa pháirtí le fada agus oideachas maith ar chuid mhór acu ó thaobh amháin, agus na trudairí triúcha gan oideachas gan oiliúint a bhí ag tonnadh isteach sa pháirtí anois, ón taobh eile.

Na Polasaithe Brúidiúla ag Teacht chun Solais[athraigh | edit source]

I dtús na bliana 1972 thug Pol Pot camchuairt ar fud na gcríocha sa Chambóid a bhí faoi smacht ag na ceannairceoirí agus ag na Vítneamaigh. Chonaic sé arm oilte na gCiméarach Dearg, 35,000 saighdiúir ar fad, ag teacht ar an bhfód, agus 100,000 neamhrialtach ag tacú leo. Bhí an tSín ag bronnadh luach cúig mhilliún dollar in aghaidh na bliana d'airm agus de ghléasra cogaidh. Thairis sin, bhí plandálacha rubair in Oirthear na Cambóide a bhí sealbhaithe ag na Ciméaraigh Dhearga, agus sclábhaithe daorbhroide á saothrú le tuilleadh airgid a thabhú do Pol Pot.

I ndiaidh chruinniú an Lárchoiste i mBealtaine 1972, thosaigh an Páirtí na críocha forghafa a smachtú i bhfad ní ba déine ná roimhe sin. Cuireadh d'fhiacha ar na mionlaigh eitneacha nósanna agus cultacha Ciméaracha a tharraingt orthu, agus b'éigean do na Ciméaraigh féin glacadh le haonfhoirmeacht tuairimí, smaointí agus nósanna. Rinneadh cineál athroinnt ar na tailte faoi dheifir, de réir is mar a d'ordaigh Pol Pot, agus é den bharúil gur chóir do na sealbha talún a bheith ar aon mhéid le chéile. Go ginearálta, bheadh na scológa go léir cothrom le chéile, díreach mar a bhí seirfigh an fheodachais cothrom le chéile. Go bunúsach, bhí na polasaithe seo ag fabhrú do na scológa bochta, ach san am céanna, d'fhág siad faoi leatrom iad siúd a bhí tar éis éalú ó na cathracha go dtí na ceantair thuaithe.

Amach leis na Vítneamaigh, isteach leis na Ciméaraigh Dhearga[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1972, thosaigh na fórsaí Vítneamacha ag tarraingt siar ón gcath le saighdiúirí Rialtas na Cambóide. D'eisigh Pol Pot foraitheanta nua i mBealtaine 1973 a bhí dírithe ar na sráidbhailte a iompú ina gcomharchumainn ina mbeadh na tailte i bpáirt ag na scológa, agus cosc ar an úinéireacht phríobháideach.

Rinne na Ciméaraigh Dhearga an-dul chun cinn i rith na bliana 1973. Nuair a bhain siad amach imeall Phnom Penh i mbuaic shéasúr na báistí, d'ordaigh Pol Pot dá chuid cogaithe an phríomhchathair a fhorghabháil. Ní raibh na Ciméaraigh Dhearga ábalta na horduithe sin a chomhlíonadh, áfach, agus má dhearna siad iarrachtaí, ní dheachaigh siad ach chun dochair dóibh féin, nó fuair cuid mhór Ciméaraigh Dhearga bás sa teagmháil. Mar sin féin, i lár na bliana 1973, bhí na Ciméaraigh Dhearga i seilbh dhá dtrian den Chambóid, agus duine as gach beirt sa Chambóid ina chónaí sa chuid den tír a bhí forgafa acu. Tuigeadh do lucht rialtais Vítneam nach raibh siad féin i gceann na gcúrsaí a thuilleadh, agus go raibh Pol Pot ar aon leibhéal leo féin mar cheannaire.

Nuair a bhí an bhliain 1973 ag druidim chun deiridh, ghlac Pol Pot pleananna straitéiseacha i leith thodhchaí an chogaidh. B'é an chéad chinneadh ná gach bealach soláthair a bhain den phríomhchathair agus í a imdhúnadh. B'é an dara cinneadh ná diansúil a choinneáil ar na daoine a bhí ag iarraidh éalú as an gcathair le caoinchead na gCiméarach Dearg. B'é an dearcadh a bhí ag Pol Pot ar mhuintir na cathrach gur frídíní galair a bhí iontu agus gur chóir na scológa sa chuid den tír a bhí sealbhaithe aige a chosaint ar tholgadh an ghalair seo. D'ordaigh sé freisin purguithe ginearálta a chur i bhfeidhm. Bhí iar-státseirbhísigh agus lucht oideachais le purgú thar aon aicme eile. Tógadh sraith de phríosúin nua sna críocha a bhí forghafa ag na Ciméaraigh Dhearga. Faoin am seo, d'éirigh na Cham, mionlach eitneach a raibh a gcultúr á bhaint díobh de réir phéindlíthe Pol Pot, - d'éirigh siad amach in aghaidh na gCiméarach Dearg. Ní raibh fórsaí Pol Pot i bhfad á gcloí, agus i ndiaidh na gcathanna, d'ordaigh Pol Pot lucht na ceannairce a chéasadh go brúidiúil. Mar a rinneadh roimhe sin, b'iad na Cham ba túisce a bhí thíos le polasaithe cruálacha Pol Pot, sular cuireadh i bhfeidhm ar na Ciméaraigh féin iad.

Bhí sé de pholasaí ag na Ciméaraigh Dhearga freisin muintir na gcathrach a aslonnú agus a thabhairt go dtí na ceantair thuaithe. Nuair a d'fhorghabh na Ciméaraigh Dhearga an chathair úd Kratie sa bhliain 1971, tháinig sé aniar aduaidh ar Pol Pot agus ar bhoic mhóra eile an Pháirtí Chumannaigh chomh sciobtha agus a chaith muintir na cathrach an Sóisialachas díobh agus ar chrom siad ar a sean-nósanna arís. Baineadh triail as a lán smaointí leis an gCumannachas a chur i bhfeidhm ar na cathracha, ach ní raibh maith ar bith iontu. Sa bhliain 1973, agus é ag dul ar mire le frustrachas, chinn Pol Pot gurb é an t-aon fhuascailt amháin ná muintir na cathrach a scoitheadh d'fhód a ndúchais agus a sheoladh go dtí an tuath. Scríobh sé: "Más é is toradh don oireadh sin íobairtí gurb iad lucht an rachmais a fhanfaidh i mbun na gcúrsaí, an bhfuil maith ar bith sa réabhlóid ar aon nós?" Go gairid ina dhiaidh sin, d'ordaigh Pol Pot muintir chathair Kompong Cham, 15,000 duine ar fad, a aslonnú ar an gcúis seo. Sa bhliain 1974, bhí sé de mhisneach sna Ciméaraigh Dhearga cheana muintir Oudong, cathair a bhí ní ba mhó ná Kompong Cham, a aslonnú ar an dóigh chéanna.

Go hidirnáisiúnta, d'éirigh le Pol Pot agus na Ciméaraigh Dhearga aitheantas a bhaint amach ó thrí thír is trí scór mar fhíor-rialtas ar an gCambóid. Sa deireadh, d'fhéach siad le suíochán na Cambóide sna Náisiúin Aontaithe a shealbhú chomh maith. B'é an rialtas oifigiúil a choinnigh an suíochán, ach má choinnigh, ní bheadh ach tromlach dhá vóta i bhfách leis.

I Mí Mheán Fómhair 1974, chuir Pol Pot gairm chruinnithe ar Lárchoiste an Pháirtí. Ó bhí an feachtas míleata ag dul chun cinn agus an cogadh ag druidim chun deiridh, chinn Pol Pot go raibh sé in am na polasaithe a leagan amach a bhí de dhíth leis an tír a thabhairt chun Sóisialachais. B'é an chéad pholasaí ná muintir na gcathrach ba mhó a aistriú go dtí an tuath i ndiaidh an bhua. B'é an dara polasaí ná deireadh a chur leis an eacnamaíocht airgid de réir a chéile. B'é an tríú cinneadh tábhachtach ná faomhadh an pháirtí a fháil don chéad phurgú mór a bhí déanta ag Pol Pot. Sa bhliain 1974, phurgaigh Pol Pot duine d'fheidhmeannaigh mhóra an Pháirtí, fear darbh ainm Prasith. Cuireadh Prasith chun báis ar chúla téarmaí gan deis a chosanta féin a fhágáil aige. Ina dhiaidh sin, purgaíodh a lán feidhmeannach eile, daoine a bhain le mionlach eitneach Téalannach na Cambóide cosúil le Prasith féin. B'é an míniú a thug Pol Pot ar an bpurgú ná go ndeachaigh cogadh na n-aicmí an oiread sin chun géaradais agus gur chóir an fód a sheasamh go daingean in aghaidh naimhde an pháirtí, iad siúd san áireamh a raibh éirithe leo seangú isteach sa pháirtí féin.

I Mí Eanáir 1975, bhí na Ciméaraigh Dhearga ullamh chun an ionsaí dheireanaigh ar rialtas na Cambóide. San am céanna, ag labhairt le lucht na nuachtán dó in Beijing, phoibligh Sihanouk go mórtasach liosta na naimhde a bhí le marú ag na Ciméaraigh Dhearga i ndiaidh an bhua. Ar dtús, ní raibh ann ach seachtar, ach sa deireadh bhí trí ainm fichead ar an liosta, mar atá, ceannairí sinsearacha an rialtais, an airm agus na bpóilíní. Tháinig iompairc agus iomaíocht an dá ghluaiseacht Chumannach chun solais chomh maith: bhí Vítneam Thuaidh meáite ar Saigon a fhorghabháil sula sealbhódh na Ciméaraigh Dhearga Phnom Penh. Chuir na Vítneamaigh moill ar na coinsíneachtaí arm ón tSín, agus uair amháin, cuireadh d'fhiacha ar na Cambódaigh forógra náiriúil a shíniú inar ghabh siad buíochas leis na Vítneamaigh as ceann de na coinsíneachtaí seo, cé nár tháinig na hairm ó Vítneam, ach ón tSín.

In Aibreán 1975, chuaigh Rialtas na Cambóide malairt cuma orthu féin. Thug siad an Ard-Chomhairle Náisiúnta orthu féin, agus chuaigh daoine nua i gceann an Rialtais a bhí meáite ar dul chun comhchainteanna leis na Ciméaraigh Dhearga. B'é Sak Sutsakhan a bhí i gceannas ar an Ard-Chomhairle, fear a raibh aithne aige ar Pol Pot ón bhFrainc. Thairis sin, ba chol ceathrair é do Nuon Chea, Leas-Rúnaí na gCiméarach Dearg. Más iarracht idirghabhála a bhí ann, níor éirigh léi, nó ní dhearna Pol Pot ach a n-ainmneacha siúd a raibh baint acu leis an iarracht sin a chur le liosta an bháis. Ar an 17ú lá de Mhí Aibhreáin sa bhliain 1975, thit an tóin as iarrachtaí an Rialtais fórsaí Pol Pot a choinneáil siar.

Bua na gCiméarach Dearg agus Bunú na Campúise Daonlathaí[athraigh | edit source]

Ar an 17ú lá de Mhí Aibreáin, 1975, ghabh na Ciméaraigh Dhearga Phnom Penh, príomhchathair na Cambóide. Chuaigh rialtas nua i gceannas ar an tír, agus fuair an Chambóid ainm nua: An Champúis Dhaonlathach (Béarla: Democratic Kampuchea - tá an leagan Kampuchea, a aistrítear go Gaeilge mar An Champúis, níos cosúla le hainm na tíre as Ciméiris). Na polasaithe a cuireadh i bhfeidhm faoi cheannas na gCiméarach Dearg, mharaigh siad timpeall is duine as gach cúigear de mhuintir na tíre, milliún agus seacht gcéad míle duine. Iad siúd nár maraíodh scun scan, maslaíodh chun báis le dianobair iad, nó stiúg siad le hocras, gan dearmad a dhéanamh díobh siúd a tholg galar marfach. B'iad na grúpaí ba mhó a bhí faoi bhagairt an bháis ná na manaigh Bhúdaíocha, na hintleachtóirí a fuair a gcuid oideachais sna tíortha Iartharacha, na daoine a raibh cuma an intleachtóra orthu - iad siúd a raibh spéaclóirí orthu, cuir i gcás - na creapaltáin agus na cláirínigh, agus na mionlaigh eitneacha, go háirithe iad siúd a bhí ag labhairt teangacha na dtíortha eile sa timpeallacht (Sínigh, Laoigh, agus Vítneamaigh). Caitheadh cuid acu i gCampa Géibhinn S-21 (Campa Tuol Sleng, nó "Cnoc na gCrann Nimhe", áit a bhfuil músaem an chinedhíothaithe inniu), áit ar céasadh iad go gránna le hadmháil a gcuid "coireanna" a bhaint astu, má bhí a leithéid de dhíth ar an Rialtas. Cuid mhaith eile, cuireadh chun báis iad gan mórán a bhacadh leo. Cuid mhaith acu siúd a maraíodh in áiteanna cosúil le S-21, baineadh na hingne dá gcosa, nó cuireadh ar thairseach a dtachta faoin uisce iad uair i ndiaidh a chéile, nó feannadh an craiceann díobh agus iad ina mbeo i gcónaí. Chuaigh tuilleadh is 14,000 príosúnach i gcampa Tuol Sleng, ach níor tháinig ach seachtar acu as. Duine de na hiarmharáin seo, d'admhaigh sé le linn a chéasta go raibh sé ag obair don CIA, cé nach raibh a fhios beo aige san am cad é an rud é an CIA ar aon nós.

Bánú na gCathrach[athraigh | edit source]

Thosaigh na Ciméaraigh Dhearga ag comhlíonadh a gcuid polasaithe de réir na hidé-eolaíochta gan mhoill, i ndiaidh dóibh an phríomhchathair a shealbhú. Maidir leis an iar-Rí Norodom Sihanouk, ní raibh ach céimíocht an bhalbháin aige sa rialtas nua. D'ordaigh Pol Pot muintir na príomhchathrach agus na gcathrach úrghafa eile a aslonnú go hiomlán. Iad siúd a haslonnaíodh, hinsíodh dóibh go raibh na Meiriceánaigh ag bagairt na cathracha a bhuamáil, agus go raibh siad le filleadh abhaile ar ball.

San am seo, bhí an-taithí ag Pol Pot agus ag na Ciméaraigh Dhearga ar aslonnuithe den chineál seo cheana féin. Ní raibh aon oibríocht den chineál sin déanta acu ar scála chomh fairsing sin roimhe seo, áfach. Sa bhliain 1968 a rinneadh na chéad aslonnuithe, i gcúige Ratanakiri. San am sin, b'é an príomhchuspóir ná na daoine a aistriú ní b'fhaide ón gcathéadan le súil ní b'fhearr a choinneáil orthu. Sna 1971-73, áfach, d'athraigh an cuspóir. Bhí frustrachas ar Pol Pot agus ar na ceannairí sinsearacha eile ná go raibh muintir na gcathrach chomh tugtha dá sean-nósanna cosúil leis an trádáil agus leis an ngnó. Ó nach raibh aon mhodh oibre eile ag gníomhú, glacadh leis an aslonnú go dtí an tuath mar fhuascailt ar an bhfadhb.

Ó thaobh na hidé-eolaíochta de, bhí na haslonnuithe bunaithe ar an bhforbairt ar leith a rinne an Cumannachas sa Chambóid. De réir theoiricí Kharl Marx, b'iad prólatáirigh na gcathrach an "lucht oibre", ach ní raibh mórán lucht oibre den chineál sin le fáil sa Chambóid, a bhí ina tír talmhaíochta. Leis an ancheist seo a fhreagairt, ghlac Pol Pot agus lucht a leanúna leis gurbh iad na scológa bochta tuaithe an fíor-lucht oibre. Murab ionann agus Mao Zedong sa tSín agus Ho Chi Minh i Vítneam, ní raibh taithí ar bith ag Pol Pot ná ag ceannairí eile an Pháirtí ar shaol an lucht oibre. Mar sin, ba dual do ghluaiseacht Chumannach na Cambóide an scológ agus an cineál saoil a bhí ag an scológ a urramú agus a idéalú.

"Ní sochar é tú a choinneáil beo, ní dochar é tú a chur chun báis"[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1976, rangaíodh na daoine ina dtrí aicme: na daoine le lánchearta sibhialta, na hiarrthóirí agus na haslonnaithe, is é sin, na hiar-chathróirí a tugadh go dtí an tuath. An díothú agus an bás a bhí daite do gach aslonnaí. Ní bhfaighfeadh an aslonnaí ach dhá bhabhla juk (anraith ríse) in aghaidh an lae, agus mar sin, is iomaí aslonnaí a fuair bás le hocras.

Bhí lucht ceannais na gCiméarach Dearg ag maíomh ar raidió an stáit nach raibh ach milliún nó dhó de dhaoine de dhíth leis an Útóipe nua Chumannach a thógáil faoin tuath. Maidir leis na daoine eile, mar a deireadh na Ciméaraigh Dhearga, "ní sochar é tú a choinneáil beo, ní dochar é tú a chur chun báis".

Machairí an Bháis[athraigh | edit source]

Tugadh na céadta míle aslonnaí amach agus iad i ngeimhle, le go rómhróidís na huaigheanna dóibh féin. Ansin, bhuail na Ciméaraigh Dhearga chun báis iad le barraí iarainn nó le matóga, murar adhlaic siad ina mbeo iad. Mar a dúradh in ordú d'fhoireann na gcampaí báis, "níor chóir piléir a chur amú". Is gnách "Machairí an Bháis", nó The Killing Fields as Béarla, a thabhairt ar na holluaigheanna seo.

Rangaigh na Ciméaragh Dhearga na daoine de réir reiligiúin agus saindúchais freisin. Chuir siad na reiligiúin ar ceal agus scaip siad na mionlaigh eitneacha nach raibh cead acu a dteangacha féin a labhairt ná cloí lena nósanna féin. Bhí polasaithe den chineál chéanna i bhfeidhm sna blianta sular tháinig na Ciméaraigh Dhearga i gcumhacht, ach ní raibh siad leath chomh dian roimh a lá-san.

Bhí an méid seo le rá ag an staraí François Ponchaud ina leabhar Cambodia: Year Zero: Ón mbliain 1972 i leith, bhí sé de nós ag na treallchogaithe muintir na sráidbhailte agus na gcathrach a sheoladh isteach sa dufair, agus ba mhinic a chuir siad na tithe féin trí thine, ionas nach bhféadfadh na haslonnaithe filleadh abhaile ar aon nós. Nuair a thairg na tíortha coimhthíocha cabhair dhaonnúil do na Ciméaraigh Dhearga, ní bhfuair siad ach cur ó dhoras. B'é ba toradh dó seo ná go ndeachaigh an gorta ag rith damhsa ar fud na tuaithe, agus na mílte daoine ag stiúgadh le hocras agus á maslú le hobair daorbhroide. Ar chúiseanna idé-eolaíochta, áfach, ní fhéadfadh na Ciméaraigh Dhearga glacadh le cuidiú iasachta, ó bhí an neamhspleáchas agus an féinchothú chomh tábhachtach sin acu.

B'í an chomharsheilbh an t-aon seilbh a bhí ann, agus ní raibh ach oideachas poiblí le fáil. Bhí na páistí á dtabhairt suas ag an gcomharchumann, agus na béilí á gcaitheamh ag an gcomhchuibhreann. Bhí siabhrán géarleanúna, paranóia, ar an rialtas féin agus ar gach duine a raibh baint aige leis an rialtas. Ghlactaí leis go raibh gach duine ina chara nó ina namhaid de réir na haicme ar bhain sé léi nó fiú de réir na cosúlachta a bhí air. Níor ceadaíodh easaontas polaitiúil ná freasúra. Bhí an céasadh agus modhanna gránna básadóireachta forleathan fairsing.

Maraíodh na mílte polaiteoirí agus maorlathaigh a raibh baint acu leis na rialtais a bhí ann roimh na Ciméaraigh Dhearga. hIompaíodh an phríomhchathair ina scáil de chathair nach raibh aon duine ina chónaí ansin. Faoin tuath, bhí daoine á maslú go héag le hobair, á marú nó ag saothrú an bháis le galair.

Tá sé ina ábhar conspóide i gcónaí cé mhéad daoine a fuair bás sa chogadh cathartha, i mblianta na Campúise Daonlathaí, agus i rith an chogaidh a d'éirigh idir Vítneam agus an Champúis Dhaonlathach sa deireadh. Tugann foinsí inchreidte thiar agus thoir gur maraíodh milliún agus sé chéad míle duine nuair a bhí Pol Pot ag rialú na tíre. D'admhaigh an Champúis Dhaonlathach féin gur básaíodh trí mhilliún duine sna blianta 1975 agus 1979. Thug Ponchaud le fios gur éag dhá mhilliún is trí chéad míle, iad siúd san áireamh, na céadta míle acu, a maraíodh sula ndeachaigh na Cumannaigh i gceann na tíre i ndiaidh do Phnom Penh titim leis na Ciméaraigh Dhearga. Is é an meastachán a thug an Tionscadal um Chinedhíothú na Cambóide, Ollscoil Yale, ná milliún agus seacht gcéad míle. Ghlac eagraíocht idirnáisiúnta chosanta na gceart daonna, Amnesty International, leis go raibh milliún agus ceithre chéad míle ann, agus is é an uimhir a thug Roinn Gnóthaí Eachtracha na Stát Aontaithe ná milliún agus dhá chéad míle. Maidir le Pol Pot féin agus Khieu Samphan, agus iad ag déanamh a bheag den chinedhíothú is dócha, is iad na huimhreacha a tháinig uathu ná ocht gcéad míle (Pol Pot) agus aon mhilliún amháin (Khieu). Sa bhliain 1980, thug an CIA an breithiúnas gur cuireadh 50,000 go 100,000 duine chun báis, ach is léir nach meastachán iomlán a bhí ann.

An idé-eolaíocht a bhí ag Pol Pot, ba mheascán é de smaointí radacacha éagsúla, agus cuid mhaith náisiúnachais Chiméaraigh curtha tríothu. Go bunúsach, ghlac na Ciméaraigh Dhearga an cinneadh go raibh an tír ar fad le filleadh ar an tsochaí curadóireachta agus talmhaíochta, agus cuireadh cosc le gach sórt sás nó gléas teicneolaíochta, ach amháin iad siúd a bhí ceadaithe ag lucht ceannais an Pháirtí. I gcúrsaí an pholasaí eachtraigh, chuaigh Pol Pot leis an tSín Chumannach, in aghaidh an Aontais Shóivéadaigh. Ní féidir a rá gur rud idé-eolaíoch a bhí ann, nó ní raibh ann ach comhairle phraiticiúil, phragmatach. Má bhí Vítneam ag dul leis na Rúisigh, ba rogha le Pol Pot comhoibriú le céile iomaíochta an Aontais Shóivéadaigh in Oirdheisceart na hÁise. Agus ar ndóigh, bhí coinsíneachtaí arm ag teacht ón tSín chuig Pol Pot i bhfad sular ghabh sé an chumhacht sa Chambóid.

An Caidreamh le Vítneam ag Dul chun Donais[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1976, chaill an Prionsa Sihanouk a ghradam mar cheann stáit. Táthar in easaontas faoin gcúis leis seo. Tá cuid de na foinsí ag áitiú gur baineadh an chéimíocht de le lámh láidir agus gur fágadh i mbraighdeanas ina theach féin é. Na foinsí eile, arís, deir siad gur éirigh sé as dá dheoin féin. Cibé scéal é, bhí sé dílis do rialtas na gCiméarach Dearg ina dhiaidh sin féin, agus nuair a d'ionsaigh na Vítneamaigh an Chambóid sa deireadh, chosain sé cás na gCiméarach Dearg os coinne Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. B'é Khieu Samphan a tháinig i gcomharbacht ar an bPrionsa Sihanouk mar Uachtarán is mar Cheann Stáit, agus Pol Pot féin ina Phríomh-Aire ar an gCambóid.

I Mí na Nollag 1976, d'eisigh Pol Pot treoirlínte nua ag tabhairt le fios do lucht ceannais na tíre gur naimhde ab ea iad na Vítneamaigh anois. Rinneadh daingniú ar dúnta cosanta na teorainne, agus haistríodh daoine nach raibh muinín ag an bPáirtí astu isteach ó chomharsanacht Vítneam. Freagra ab ea é ar Cheathrú hArd-Fheis Pháirtí Cumannach Vítneam, nó ar an Ard-Fheis seo, thug feidhmeannaigh an Pháirtí faomhadh do rún a thagair don "bhaint speisialta" a bhí ag Vítneam le Laos agus leis an gCambóid agus don "ról a bheadh ag Vítneam i dtógáil agus i gcosaint an dá thír sin go deo na ndeor".

Cogadh na Cambóide agus Vítneam[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1977, thosaigh caidreamh na Cambóide agus Vítneam ag dul chun donais ar fad. Bhí Cambódaigh ag teitheadh lena n-anam go Vítneam, agus saighdiúirí de chuid Pol Pot ag iarraidh iad a cheapadh nó a mharú. Is léir gur minic a thrasnaigh na Ciméaraigh Dhearga an teorainn, agus is follasaí fós nach raibh na Vítneamaigh sásta saighdiúirí iasachta a fháiltiú isteach chucu. Thairg na Vítneamaigh na dídeanaithe a chur ar ais go dtí an Chambóid, ach ní raibh na Cambódaigh sásta leis an tairiscint seo. Ar an tríochaidiú lá de Mhí Aibreáin, 1977, tháinig díormaí Cambódacha isteach agus airtléire mar thaca acu, agus mar a d'áitigh na Vítneamaigh ina dhiaidh sin, mharaigh siad muintir cupla sráidbhaile le linn an ruathair sin. Bhí an chuma ar an scéal go raibh an Chambóid ag iarraidh na Vítneamaigh a imeaglú, ionas nach gcuirfidís ladar i gcúrsaí inmheánacha na Cambóide.

Ní mar a shíltear a bhítear, áfach. A mhalairt ar fad, ní dhearna an Chambóid ach tuilleadh sracaidh a chur sna Vítneamaigh. I Mí na Bealtaine, rinne Aerfhórsa Vítneam sraith d'aer-ruathair ar an gCambóid. I Mí Iúil, chuir na Vítneamaigh d'fhiacha ar mhuintir Laos "Conradh Cairdis" a shíniú le Vítneam, conradh a d'fhág Laos faoi smacht iomlán na Vítneamach, a bheag nó a mhór. Sa Chambóid féin, thosaigh lucht ceannais an Airm in oirthear na tíre ag áitiú ar a gcuid saighdiúirí go mbeadh an cogadh dosheachanta, agus go mbeadh an Chambóid le críocha áirithe de Vítneam - na críocha ar a dtugadh na Cambódaigh Khmer Krom - a fhorghabháil, ós cuid d'Impireacht na Cambóide a bhí iontu i dtús ama. Níl a fhios ag aon duine, arbh é polasaí oifigiúil Pol Pot é Khmer Krom a athghabháil don Chambóid.

An Chambóid ag Ionsaí[athraigh | edit source]

I Mí Mheán Fómhair 1977, rinne fórsaí na Cambóide ionradh ceart trasna na teorainne, agus chuaigh an bás agus an díothú ar na Vítneamaigh. D'áitigh na Vítneamaigh go bhfuair timpeall is míle duine, sibhialaigh Vítneamacha ar fad, bás de dheasca an ruathair seo. Trí lá i ndiaidh an ruathair seo, d'fhógair Pol Pot an chéad uair riamh go poiblí gurbh iad na Cumannaigh a bhí ag rialú na Cambóide - go dtí sin, níor hadmhaíodh oiread is aon uair amháin go raibh a leithéid de rud ann agus Páirtí Cumannach na Campúise, agus gur stát Cumannach ab ea í an Champúis Dhaonlathach. I Mí na Nollag, nuair nach raibh aon bhealach eile ar fáil ag Vítneam, chuaigh 50,000 saighdiúir thar teorainn isteach sa Chambóid. Bhí sé ceaptha nach mbeadh ann ach ruathar gairid, le sásamh a bhaint as na Cambódaigh i ndiaidh an ruathair a rinne siadsan ar Vítneam roimhe sin. Nuair a d'fhill fórsa sluaíochta Vítneam abhaile arís, rinne Pol Pot scéal mór bolscaireachta de, agus é ag áitiú go raibh an Chambóid tar éis an cath a bhriseadh ar na Vítneamaigh. Ní raibh na Vítneamaigh ag iarraidh an ruathar seo a fhoilsiú don tsaol mhór, ach anois, bhí Pol Pot tar éis súil an domhain a tharraingt ar an scéal. Thairis sin, bhí Vítneam náirithe ag Pol Pot, agus an dóigh a raibh sé ag cur laige mhíleata ina leith. Ba léir go gcaithfeadh na Vítneamaigh díoltas a imirt ar Pol Pot, ó ghoin sé a mórtas cine.

I ndiaidh na hiarrachta deireanaí le síocháin a shocrú leis an gCambóid, ghlac rialtas Vítneam leis nach raibh ach fíorchogadh ar na bacáin. Chuaigh na Vítneamaigh ar lorg cabhrach agus idirghabhála ón tSín, ach ní bhfuair siad ach cur ó dhoras. Thairis sin, bhí coinsíneachtaí arm ag dul go tiubh ón tSín go dtí an Chambóid. Bhí an chuma ar na cúrsaí go raibh uisce faoi thalamh á thógáil ag na Cambódaigh agus ag na Sínigh in aghaidh Vítneam.

Freagra na Vítneamach[athraigh | edit source]

I ndeireadh na bliana 1978, d'fhógair na Vítneamaigh nach raibh de rogha acu ach an Chambóid a ionsaí agus an chumhacht a bhaint de na Ciméaraigh Dhearga, i ndiaidh na n-ionsaithe a rinne na Cambódaigh ar Vítneam le déanaí. Cé nach raibh sé ach ceart, cóir agus cuí ag arm Vítneam a dtír agus a muintir a chosaint ar an rialtas mire sa Chambóid, b'fhollasach go raibh na Vítneamaigh le fanacht go ceann i bhfad sa Chambóid agus leis an tír sin a iompú ina stát spleách faoi smacht Vítneam, cosúil le Laos.

Briseadh an cath ar arm na Cambóide, cuireadh deireadh le ré Pol Pot, agus b'éigean don deachtóir féin éalú go dtí teorainn na Téalainne. I Mí Eanáir 1979, chuir Vítneam rialtas nua i gcumhacht, agus é curtha i dtoll le chéile as iar-fheidhmeannaigh de chuid na gCiméarach Dearg a d'éalaigh go dtí Vítneam. B'é Heng Samrin an Príomh-Aire nua. Sa deireadh thiar thall, bhailigh Pol Pot le chéile a raibh fágtha de lucht a leanúna agus chuir sé ar bun grúpa nua treallchogaíochta le cuidiú ó rialtas na Téalainne, a bhí ag baint úsáide as Pol Pot mar mhaolán leis na Vítneamaigh a choinneáil i bhfad ar shiúl. Thairis sin, shaothraigh Arm na Téalainne airgead breise ag ligean coinsíneachtaí arm ón tSín isteach chuig Pol Pot. Faoin am seo, freisin, d'ionsaigh Arm na Síne Vítneam, agus d'éirigh ina chogadh idir an dá thír sin.

Pol Pot ar a Sheachnadh sa Dufair[athraigh | edit source]

Sna blianta beaga a bhí chugainn, rinne na Vítneamaigh iarrachtaí iarsmaí na gCiméarach Dearg a choinneáil faoi chois, ach le fírinne, ní raibh siad dáiríre ag féachaint le lucht leanúna Pol Pot a dhíothú, nó tháinig siad isteach áisiúil acu mar shiocair leis an tír a choinneáil faoi smacht le lámh láidir mhíleata.

Má bhí na Ciméaraigh Dhearga ruaigthe as Phnom Penh, ní hionann sin is go ruaigfí as gach áit iad. Le caoinchead na gcumhachtaí Iartharacha, choinnigh siad seilbh ar shuíochán na Cambóide sna Náisiúin Aontaithe. Is iomaí tír a ghlac leis, dá uafásaí is a bhí na Ciméaraigh Dhearga, go mbeadh sé ní ba mheasa fós aitheantas a thabhairt do rialtas soip Vítneam. Thairis sin, b'é an léamh a bhain na tíortha Iartharacha as an scéal gur rialtais de chuid na gCiméarach Dearg ab ea iad an dá rialtas a bhí ag dréim leis an aitheantas, ós rud é gur iar-Chiméaraigh Dhearga a bhí ar rialtas Heng Samrin chomh maith.

Cháin na Stáit Aontaithe forghabháil na Vítneamach ar an gCambóid, agus i lár na n-ochtóidí, bhí na Meiriceánaigh ag tacú le lucht ceannairce a bhí ag cur in aghaidh rialtas Heng Samrin. Sa bhliain 1985, thug na Meiriceánaigh cúig mhilliún dollar d'Fhronta Saoirse Náisiúnta an Phobail Chiméaraigh, a bhí faoi cheannas an iar-Phríomh-Aire Son Sann, agus don ANS, arbh í an ghluaiseacht treallchogaíochta a bhí báúil le Sihanouk. Bhí an dá ghluaiseacht frithbheartaíochta seo ag comhoibriú leis na Ciméaraigh Dhearga taobh istigh de Chomhrialtas na Campúise Daonlathaí, a bhí cruthaithe trí bliana roimhe sin. Cé go raibh an dá ghluaiseacht eile ag fáil airgid agus cabhrach ó na Meiriceánaigh, b'iad na Ciméaraigh Dhearga an dream ba láidire agus ab fhearr cogaíochta den triúr. Bhí cuidiú míleata ag teacht ón tSín go dtí na Ciméaraigh Dhearga freisin. Iad siúd a bhí ag lochtú pholasaí eachtrach na Stát, bhí siad barúlach go raibh na Meiriceánaigh ag cabhrú le lucht leanúna Pol Pot go hindíreach leis an airgead a híocadh le páirtnéirí comhrialtais na gCiméarach Dearg. Cháin siad freisin an dóigh a raibh na Stáit ag tacú le comhrialtas na gCiméarach Dearg agus iad ag iarraidh greim an fhir bháite a choinneáil ar shuíochán na Cambóide sna Náisiúin Aontaithe. Dhiúltaigh na Stáit Aontaithe aitheantas ar bith a thabhairt don rialtas a bhí curtha i gceann na Cambóide ag na Vítneamaigh, ná d'aon rialtas Cambódach ar bith a fhad is a d'fhanfadh fórsaí forghabhála Vítneam sa tír. I Mí na Nollag 1984, rinne na Vítneamaigh mórionsaí, agus d'éirigh leo an chuid ba mhó de na ceannairceoirí a chloí.

D'éalaigh Pol Pot go dtí an Téalainn, áit ar chaith sé an chéad chúig bliana eile i vile plandála in aice le Trat. Bhí Aonad Speisialta a 838 de chuid Arm na Téalainne ag coinneáil súile air a fhad is a d'fhan sé ansin.

D'éirigh Pol Pot as an bPáirtí Cumannach go hoifigiúil sa bhliain 1985, ach mar sin féin, choinnigh sé greim teann ar na Ciméaraigh Dhearga agus ar chomhghuaillíocht na bhfórsaí frith-Vítneamacha. D'fhág sé gnáthchúrsaí na cumhachta faoin gcomharba a cheap sé dó féin, Sun Sen. Bhí naimhde na gCiméarach Dearg ag cur ainghníomhartha agus coireanna cogaidh ina leith, ach dháiríre, bhí a gcuid féin den mhilleán sin ar gach cineál fórsaí armtha sa Chambóid sna laethanta sin.

Sa bhliain 1986, saolaíodh iníon, Sitha, don bhean óg a bhí pósta ar Pol Pot san am sin, Meas. Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh Pol Pot go dtí an tSín ar lorg bisigh agus leighis, nó bhí ailse air. D'fhan sé sa tSín go dtí an bhliain 1988.

Sa bhliain 1989, d'imigh na fórsaí Vítneamacha as an gCambóid. Rinne na Ciméaraigh Dhearga longfort nua in iarthar na tíre in aice le teorainn na Téalainne, agus d'fhill Pol Pot féin go dtí an Chambóid. Dhiúltaigh sé páirt a ghlacadh i bpróiseas na síochána, agus lean sé leis ag cur troda agus cogaidh ar an gcomhrialtas nua. B'é dearcadh na gCiméarach Dearg nach mbeadh an Príomh-Aire nua Hun Sen sásta aon chuid dá chumhacht a ghéilleadh d'aon duine eile, agus i bhfianaise na ngeáitsí deachtóireachta a rinne Hun Sen ina dhiaidh sin (go háirithe an coup d'état a rinne sé sa bhliain 1997), ní féidir a mhaíomh nach mbeadh cuid éigin den cheart acu (is dócha go raibh aithne ar an bhfear acu, nó b'iar-Chiméarach Dearg é Hun Sen).

Bhí na Ciméaraigh Dhearga ábalta arm an Rialtais a choinneáil siar go dtí an bhliain 1996, nuair a thosaigh fórsaí armtha Pol Pot ag titim as a chéile. Bhí na treallchogaithe aonair á thréigean, chomh maith le ceannairí tábhachtacha de chuid na gCiméarach Dearg. Bhí rialtas na Cambóide sásta pardún a thabhairt do thréigtheoirí aonair, ó nach raibh siad ábalta síocháin a shocrú leis na Ciméaraigh Dhearga mar eagraíocht.

Sa bhliain 1995, buaileadh Pol Pot le stróc a d'fhág parailis ar an taobh clé dá chorp.

A Bhás[athraigh | edit source]

Ar an 10ú Meitheamh 1997, d'ordaigh Pol Pot Son Sen a chur chun báis, fear a bhí ina chúntóir aige leis na blianta fada anuas, mar chuid dá iarrachtaí comhréiteach a shocrú leis an Rialtas. Básaíodh duine agus deichniúr de mhuintir Son Sen chomh maith, cé nár admhaigh Pol Pot go raibh a leithéid ordaithe aige. Ansin, d'éalaigh sé go dtína longfort i dtuaisceart na tíre, ach go gairid ina dhiaidh sin, tháinig ceannaire míleata na gCiméarach Dearg, Ta Mok, ar a lorg ansin le príosúnach a dhéanamh de. I Mí na Samhna, chinn a chuid comrádaithe é a choinneáil i mbraighdeanas baile go lá a bháis, mar phionós as an dóigh ar mharaigh sé Son Sen. Ar an 15 Aibreán 1998, chuala sé ar an Voice of America, a mbíodh sé ag éisteacht leis go minic, go raibh na Ciméaraigh Dhearga sásta é a thabhairt suas do chúirt idirnáisiúnta. De réir mar a deir a bhean chéile, shíothlaigh sé ina leaba féin san oíche chéanna, agus é ag fanacht leis go dtabharfaí go háit eile é. Cé go raibh Rialtas na Cambóide ag éileamh an choirp le go bhféadfaí é a iniúchadh, cuireadh trí thine é i gcréamatóiriam cupla lá ina dhiaidh sin in Anlong Veng sa chuid den Chambóid a bhí faoi smacht na gCiméarach Dearg. D'áitigh Ta Mok gurbh é a chroí a theip ar Pol Pot, ach bhí na ráflaí ag imeacht timpeall gur chuir sé lámh ina bhás féin, go háirithe i bhfianaise an dóigh dhriopásach ar dódh an corpán.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Brother Number One, David Chandler, Silkworm Book, 1992 p.7
  2. Kiernan, Ben. The Pol Pot Regime: Race, Power, and Genocide in Cambodia under the Khmer Rouge, 1975–79. New Haven, CT: Yale University Press, 1996.
  3. "Biography of Pol Pot". Asiasource.org.
  4. John Pilger (July, 1998). "America's long affair with Pol Pot". Harper's Magazine ??: 15-17. 
  5. "Pol Pot Biography". Notablebiographies.com.