Poblacht na hÉireann (nuachtán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de publicacions periòdiquesPoblacht na hÉireann
Cineálnuachtán
Cárta innéacs
Am tosaigh2 Eanáir 1922 Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Robert Erskine Childers, Liam Ó Maoilíosa agus Frank Gallagher

Ar an 2 Eanáir 1922, foilsíodh an chéad eagrán de Phoblacht na hÉireann, bileog nuachta phoblachtach.

Bolscaireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an bhileog an-láidir in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannach.[1] Foilsíodh í ar dtús agus idirbheartaíocht ar siúl i gcónaí idir iad siúd a bhí ina aghaidh agus ar a shon. Thug an rialtas amach An Saorstát: the Free State, don chéad uair ar 25 Feabhra 1922.[2]

Bhris Cogadh na gCarad amach sé mhí níos déanaí nuair a bhris Cath Átha Cliath amach agus an t-ionsaí ar na Ceithre Cúirteanna. . Ní gá a rá nár thaitin an bolscaireacht leis an Saorstát ar chor ar bith.

Ba é Erskine Childers, poblachtánach agus an bolscaire mór le rá, a chuir an bhileog in eagar go príomha go dtí gur gabhadh é. Cuireadh é chun báis ar 24 Samhain1922.

Ní ba dhéanaí chuir Frank Gallagher agus daoine eile í in eagar. Le heagráin ní ba dhéanaí tugadh nuacht faoi eachtraí laethúla an Chogaidh Chathartha ó dhearcadh poblachtach. Tháinig deireadh leis an bhfoilseachán timpeall Feabhra 1923.[3][4][5]

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh An Phoblacht sa bhliain 1925.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Society of Irish Revolutionary History and Militaria (2020-09-26). "Poblacht na hÉireann, War News: The History". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-26. Dáta rochtana: 2024-01-02.
  2. "25 February 1922: Publication of the ‘Free State’ Newspaper | Century Ireland". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2024-01-02.
  3. UCC / rte.ie (2015). "An Conradh agus Cogadh Cathartha na hÉireann / Aonad 8". Dáta rochtana: 2023.
  4. Sinn Féin (1922). "'Poblacht na hÉireann, (The Irish Republic.) Published by the Sinn Fein Club, Cradock'," (English). catalogue.nli.ie. Dáta rochtana: 2024-01-02.
  5. Capucin Archive (9 Noll 1922). "Anti-Treaty Propaganda 'Poblacht na hÉireann'". Dáta rochtana: 2023.