Peter Sutherland
| Peter Sutherland | |
|
Ard-Aighne na hÉireann
|
|
| In oifig 30 Meitheamh, 1981 - 9 Márta, 1982 |
|
| Réamhtheachtaí: | Anthony J. Hederman |
| Comharba: | Patrick Connolly |
| In oifig 15 Nollaig, 1982 - 12 Nollaig, 1984 |
|
| Réamhtheachtaí: | John L. Murray |
| Comharba: | John Rogers |
|
Coimisinéir Eorpach
|
|
| In oifig 1985–1989 |
|
| Réamhtheachtaí: | Richard Burke |
| Comharba: | Réamann Mac Searraigh |
|
|
|
| Dáta breithe | 25 Aibreán 1946 |
| Páirtí | Fine Gael |
| Gairm | Abhcóide |
Polaiteoir agus iar-Ard Aighne de chuid na hÉireann agus fear gnó idirnáisiúnta é Peter Denis Sutherland, KCMG (onórach) (rugadh é ar an 25 Aibreán, 1946 i mBaile Átha Cliath). Fuair sé a chuid oideachas i gColáiste Gonzaga, sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus in Óstaí an Rí. Is abhcóide é. Is comhalta den páirtí polaitíochta Éireannach Fine Gael é.
Gairmréim [athraigh]
Bhí sé ina Ard-Aighne na hÉireann i gcomhrialtais i dtréimhsí 1981-1982 agus 1982-1984. Ba iad mórcheisteanna a thréimhsí ná cás fada eiseachadta agus dianchosc bunreachtúil ar ghinmhilleadh, ar chomhairligh sé don rialtas an fhoclaíocht a bhain leis a eiteach toisc a dhoiléir agus a bhí.
Tar éis tréimhse mar chomhalta den Coimisiún Eorpach, bhí sé ina stiúrthóir do roinnt cuideachtaí móra. Mar ard-stiúrthóir an Comhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (an Eagraíocht Dhomhanda Trádála anois), rinne sé maoirseacht ar chomhaontú trádála nua idir na Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Aontas Eorpach.
Bhí sé ina chomhchathaoirleach BP agus cathaoirleach Eorpach an Coimisiúin Tríthaobaigh.
Bhronn sé €4 mhilliún de dheontas ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath le scoil dlí nua a thógáil in áit an tseanchinn, Caisleán Ruabhoic. Scoil Dlí COBÁC Peter Sutherland a thugtar ar an scoil.
Leabharliosta [athraigh]
- Brian Lalor, The Encyclopaedia of Ireland, Gill & Macmillan (Ireland 2003), ISBN 0-7171-3000-2
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.