Peter Sutherland
Polaiteoir agus Ard Aighne de chuid na hÉireann agus fear gnó idirnáisiúnta ab ea Peter Denis Sutherland, KCMG (onórach) (25 Aibreán 1946 – 7 Eanáir 2018). Rugadh i mBaile Átha Cliath) é. Fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Gonzaga, sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus in Óstaí an Rí.
Ba abhcóide é agus níos déanaí, Ard-Aighné na hÉireann. Ba chomhalta den pháirtí polaitíochta Éireannach Fine Gael é. Fográíodh a bháis ar an 7 Eanáir 2018 i mBaile Átha Cliath.
Gairmréim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé ina Ard-Aighne na hÉireann i gcomhrialtais i dtréimhsí 1981-1982 agus 1982-1984. Ba iad mórcheisteanna a thréimhsí ná cás fada eiseachadta agus dianchosc bunreachtúil ar ghinmhilleadh, ar chomhairligh sé don rialtas an fhoclaíocht a bhain leis a eiteach toisc a dhoiléir agus a bhí.
Tar éis tréimhse mar chomhalta den Coimisiún Eorpach, bhí sé ina stiúrthóir do roinnt cuideachtaí móra. Mar ard-stiúrthóir an Comhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (an Eagraíocht Dhomhanda Trádála anois), rinne sé maoirseacht ar chomhaontú trádála nua idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Aontas Eorpach.
Bhí sé ina chomhchathaoirleach BP agus cathaoirleach Eorpach an Coimisiúin Tríthaobaigh.
Bhronn sé €4 mhilliún de dheontas ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath le scoil dlí nua a thógáil in áit an tseanchinn, Caisleán Ruabhoic. Scoil Dlí COBÁC Peter Sutherland a thugtar ar an scoil.
Leabharliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Brian Lalor, The Encyclopaedia of Ireland, Gill & Macmillan (Ireland 2003), ISBN 0-7171-3000-2