Pavel Alexeyevich Čerenkov

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a rugadh i Novaya Chigla na Rúise ab ea Pavel Alexeyevich Čerenkov (1904-1990). I 1934 chuir sé síos ar sholas gorm a astaíodh as uisce is ábhair thrédhearcacha eile nuair a thaistil cáithníní fo-adamhacha tríothu ar luas níos mó ná luas forleata an tsolais sa mheán sin. I 1937, le Ilya Frank is Igor Tamm, rinne sé taighde ar an iarmhairt seo chun a meicníocht a mhíniú. Roinn an triúr Duais Nobel sa bhfisic i 1958 as.