Nikolai Lobachevsky

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Nikolai Ivanovich Lobachevsky.

Ba mhatamaiticeoir iomráiteach Rúiseach é Nikolai Ivanovich Lobachevsky (Rúisis: Никола́й Ива́нович Лобаче́вский) (1 Nollaig, 179224 Feabhra, 1856). Na h-éachtaí is tábhachtaí a bhain sé amach ina chuid oibre ná forbairt na geoiméadrachta neamh-Eoiclídeach agus an modh Dandelin-Gräffe.

Críochnaíodh a mhórshaothar Geometriya sa bhliain 1823, ach níor fhoilsíodh é ina fhoirm ceart go dtí an bhliain 1909, tamall fada tar éis a bháis. Leabhair eile a scríobh sé ná New Foundations of Geometry (1835-1838), Geometrical Investigations on the Theory of Parallels (1840) agus Pangeometry (1855).

Bhí Lobachevsky pósta le Varvara Alexivna Moisieva, agus bhí seachtar clainne acu.