Teoiric na dóchúlachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staidéar matamaiticiúil ar dhóchúlachtaí coibhneasta i bpróisis ina mbíonn neamhchinnteacht (mar shampla, caitheamh boinn nó díslí). Leag Pascal is Fermat bunsraith an ábhair sa 17ú céad, agus chuir an matamaiticeoir Rúiseach Andrei Nicolaevich Kolmogorov (1903-1987) tuilleadh eagair air sa 20ú céad.