Nathair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoNathair
Serpentes Cuir in eagar ar Wikidata

rí-chobra Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo defeoil nathrach Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeReptilia
OrdSquamata
Fo-ordSerpentes Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

Is reiptíl fhada fheoiliteach gan chosa san fho-ord Serpentes /sɜ:rpɛnti:z/ í an nathair. Mar aon leis na squamates uile eile, veirteabrach eictiteirimeach aimnianach í atá clúdaithe ag brat gainní, lonnaíonn na gainní seo muirc mairc ar a chéile. Bíonn blaosc chloiginn ar chúpla speiceas a bhfuil níos mó lúbanna inti i gcomparáid le blaoscanna a sinsearacha laghairte, rud a ligeann dóibh creacha atá i bhfad níos mó ná blaosc na nathrach a shlogadh lena mbéal solúbtha. Go lonna siad i gceart i gcorp na nathrach, eagraítear na baill phéireáilte (na duáin srl. atá i gceist) ar dhóigh go ngabha siad ceann in aghaidh cinn an corp suas (i gcontúirt leis an ghnáthleagan a feictear in ainmhithe eile, nuair a lonnaíonn siad taobh lena chéile) agus de ghnách ní bhíonn ach scamhóg fheidhmiúil amháin iontu. Coinníonn cúpla speiceas crios peilbheach le péire crobh iarmharacha atá suite ar an dá thaobh den chlóáca. D'fhorbair laghairteanna coirp fhada gan bhaill nó a bhfuil baill laghdaithe orthu faoi cheann cúig uaire is fiche ar a laghad go neamhspleách, mar sin de, chum sin leathantas ciní laghairte nach bhfuil cosa orthu ar chor ar bith. Tá cuma chosúil orthu seo le nathracha, ach tá caipíní súile is cluasa lasmuigh ar chúpla grúpa choiteannta de na laghairteanna seo, rud a bhíonn in easnamh ar fhíornathracha, ach ní riail uilechoiteann seo (feictear Amphisbaenia, Dibamidae, is Pygopodidae).

Tá nathracha le fáil san uile chearn den domhan seachas an Antartaice is formhór na gcríocha beaga, áfach tá eisceachtaí ann, go háirithe na hoileáin mhóra seo a leanas; Éire, an Íoslainn, an Lochlainn, srath oileán Hawai'i, is oileáin na Nua-Shéalainne, chomh maith le hoileáin éagsúla eile san Atlantach is san Aigéan Ciúin. Chomh maith leis sin tá nathracha mara le fáil go fairsing san Aigéan Ciúin agus san Aigéan Indiach. Aithnítear breis is 20 fine nathracha ag an phointe reatha, agus clúdaíonn na speicis seo thart ar 520 géineas is 3,900 speiceas. Ó thaobh an toise dóibh, tá idir an Barbados threadsnake, atá 10.4 cm (4.1 horlaí) ar fhaide, chuig an reticulated python atá 6.95 mhéadar (22.8 throigh) ar fhaide. D'fhásadh an nathair iontaise Titanoboa cerrajonensis go mbeadh sí 12.8 mhéadar (42 throigh) ar fhaide. Síltear gur tháinig nathracha ó laghairteanna uisceacha nó uachasacha sa ré Iúrasach, agus na hiontaisí is luaithe ag teacht ón aimsir idir 143 is 167 milliún bliain ó shin. Tháinig leathantas na nathracha comhaimseartha ar an fhód sa tsealad pailigéineach (ca. 66 - 56 milliún bliain ó shin i ndiaidh an díothaidh chailcí-phailigéiní). Tá na cuir síos is luaithe de nathracha le fáil sa Phaipír Brooklyn.

Tá formhór na nathracha neamh-nimhiúil agus úsáideann na cinn úd a bhfuil nimh acu í le go maraí is go mbaca siad a gcuid creacha in gcontúirt lena gcosaint fhéin. Tá nimh faoi seilbh ag cúpla speiceas atá a oiread láidir go ndéanfadh sí dochar mór do dhaoine, nó fiú go maródh sí iad. Slogann nathracha neamh-nimhiúla a gcuid creacha beo nó maraíonn na nathracha sin le caolú iad.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann an focal Gaeilge nathair ón fhocal Seanghaeilge nathir, é sin ag teacht ón leagan Próta-cheiltise *natrixs (Déantar comparáid leis an téarma Breatnaise neidr agus leis an téarma Briotáinise naer). Tagann an focal sin é fhéin ón téarma Próta-Ind-Eorpaise *nh₁trih₂, ó *snéh₁- (cas, tiontaigh), ta an fhréamh seo le feiceáil mar adder (nathair nimhe) sa Bhéarla is mar natrīx (nathair uisce) sa Laidin.

Teacht chun cinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá taifead iontaise na nathracha blúireach go maith mar is rud é nach ndéantar iontaisí go furasta de chreatlaí nathrach socair an dóigh a bhíonn siad beag is sobhriste le linn an phróiseasa iontaisithe. Tagann na chéad cnáfairtí atáthar ábalta aithniú go réidh mar nathracha (ach de ghnách bíonn cosa cúil orthu fós) ar an fhód sa ré chailceach. Tagann na chéad cnáfairtí d'fhíornathracha (De nathracha ar baill den phríomhghrúpa serpentes iad) ó na simoliophiids a mhaireadh sa mhuir, Haasiophis terrasanctus an ceann is sine acu sin is é ag teacht ón Chailceach dhéanach (ó aimsir an Cenomanian), síltear go mairfeadh an speiceas seo idir 112 is 94 mhilliún bliain ó shin.

Creideann formhór lucht na heolaíochta, ar an fhoras a bhfuil oiread mheasartha cosúlachtaí idir an dá chineál ainmhithe, gur tháinig na chéad nathracha ó laghairteanna. Tá baill bheaga iarmharacha chúil le fáil ar pythons is ar boas - dhá chineál chéadrata nathracha - darb ainm "gabhlóga anasacha", a bhfuil méara crofa orthu. Úsáídeann na nathracha na baill seo le linn an chláraithe go dtarrainge siad a bpáirtnéir isteach is go bhfana sé ansin ar a fheadh. Sna finte Leptotylophidae is Tylophidae tá rianta criosa pheilbhigh a feictear mar ghabhlóga adharcacha ón lasmuigh.

Níl cosa toisigh ar nathair ar bith ach oiread. Údaraíonn na géiní Hox seo, smachtaíonn na géiní seo forbairt na gcos (toisigh is cúil) sna nathracha. Bhí speisialtoireachtaí réigiúnacha, mar aon le gach aon tetrapod eile, i gcreatlach shinsear choitinn na nathracha uile i veirteabraí an mhuiníl, sna veirteabraí tóracsacha, na veirteabraí lumbacha, na veirteabraí peilbheacha agus i veirteabraí an eireabaill. Go moch i dteacht chun cinn na nathracha, thaínig an ghéin Hox a smachtaíonn forbairt an tóraics chun cinn. Mar thoradh ar seo, tá cuma chosúil ar na veirteabraí taobh thiar den pheilbheas leis na cinn ós a chomhair (seachas an ceann aiseach, an ceann atlasach, agus veirteabraí muiníl 1-3). Mar sin de, níl ann i bhformhór chreatlach na nathrach ach tóracs mór méadaithe. Aimsítear easnacha ar na veirteabraí tóracsacha amháin. Tá na veirteabraí muiníl, lumbacha agus peilbheacha laghdaithe go leor ó thaobh an mhéid dóibh (níl ann ach idir 2 - 10 gcinn fágtha), agus níl ann ach rian beag de veirteabraí an eireabaill. Áfach, tá an t-eireaball fós láidir ach oiread go raibh feidhm thábhachtach aige i gcúpla speiceas, cosúil le nathracha talún is crainn.

Tháinig formhór na nathracha reatha ar an fhód sa Phailigéineach, é sin ag comhtharlú le leathnú na mamach i ndiaidh dhíothadh na ndíneasár

Bunúis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá fianaise iontaise ann a thugann leideanna gurbh fhéidir gur fhobair nathracha ó laghairteanna talún


Dáileadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réimse reatha na nathracha uile

Tá breis agus 3,900 speiceas nathracha ann a mhaireann chomh fada ó thuaidh leis an gCiorcal Artach sa Lochlainn agus ó dheas leis An Astráil. Is féidir teacht ar nathracha ar gach aon cheann de na mór-ranna seachas san Antartaice. Tá siad le fáil i réimse forleathan gnáthóga, an fharraige agus sléibhte atá 16,000 troigh in airde i Himiléithe na hÁise ina measc.[1] Níl siad le fáil i dtuaisceart Mheiriceá Thuaidh ná i gcian-thuaisceart na hEorpa agus na hÁise. Tá cuid mhór oileán chomh maith a bhfuil nathracha in easnamh orthu: Éire, an Íoslainn agus an Nua-Shéalainn (cé go dtéann nathracha mara isteach sna farraigí timpeall ar an Nua-Shéalainn corruair).

Iontaise ón Eoicéineach de Archaeophis proavus. Fuarthas í i Monte Bolca, san Iodáil. Grianghraf ó Naturkundemuseum Berlin

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Conant R, Collins JT. 1991. A Field Guide to Reptiles and Amphibians: Eastern and Central North America. Houghton Mifflin, Bostún. 450 lgh. 48 pláta. ISBN 0-395-37022-1.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • [1] Ábhar faoi na nathracha ag suíomh an BBC (i mBéarla). Arna rochtain ar 21 M.F. 2015.